Cén costas ar shuíochán MP? Ceisteanna faoi shíntiúis pholaitiúla

Cén costas ar shuíochán MP? Ceisteanna faoi shíntiúis pholaitiúla

Cuireadh eolas míchruinn agus easnamhach faoi thabhartais airgid a tugadh do pholaiteoirí ó thuaidh ar fáil don Oifig Toghcháin le linn thoghchán Westminster anuraidh, de réir fiosrúcháin atá déanta ag Meon Eile agus The Detail.

Tá sé faighte amach againn go bhfuil lúb ar lár sa dlí a ligeann don phobal eolas a fháil ar ainmneacha na ndaoine a bhfuil síntiúis pholaitiúla déanta acu. Bhí tuairimíocht láidir ann roimhe go raibh an t-eolas seo faoi rún mar gheall ar chúiseanna slándála.

Scrúdaigh muid na foirmeacha caiteachais a d’aighnigh na 18 Feisire Parlaiminte a toghadh i dTuaisceart na hÉireann anuraidh. Cuireadh isteach na foirmeacha caiteachais toghchánaíochta i ndiaidh thoghchán na Bealtaine.

Tá na foirmeacha seo in ainm is a léiriú cá mhéad airgid a chaith gach iarrathóir ar fheachtas s’acu agus cárb as a fuair siad an t-airgead, idir shíntiúis agus fhéinmhaoiniú.

Glacadh leis go gcoinníodh eolas ar shíntiúis a dhéantar le páirtithe polaitiúla ó thuaidh faoi rún ar eagla go n-aithneofaí na deontóirí. Tá foráil, áfach, i reachtaíocht áirithe ó 1983 a thugann cead eolas a fháil orthu siúd a bhronnann airgead ar iarrathóirí toghcháin.

Léiríonn na foirmeacha caiteachais go bhfuair na 18 feisire a toghadh ar a laghad £150,000 i ndeonacháin eatarthu lena bhfeachtais a mhaoiniú. Cé go dtáinig mórchuid an mhaoinithe ó na páirithe polaitiúla féin, bhronn daoine aonair agus comhlachtaí airgead ar iarrthóirí fosta.

Léiríonn ár dtaighde gur luaigh iarrathóir ón SDLP agus triúr ón DUP nach raibh aon síntiús faighte acu ar dtús, cé gur chaith siad os cionn £70,000 eatarthu ar a bhfeachtais éagsúla. Mhínigh an dá pháirtí a gcásanna dúinn agus dúirt siad go raibh rún acu aon eolas míchruinn a leasú.

Luaigh iarrathóir SDLP i gceantar an Fheabhail, Mark Durkan, nár tugadh síntiús polaitiúil dó, cé gur chaith sé breis agus £20,000 ar a fheachtas.

Nuair a rinne muid teagmháil leis an SDLP, dúirt urlabhraí linn go raibh ‘typographical error’ ar fhoirm an Uasail Durkan agus go raibh siad leis an cháipéis a chur isteach arís le taispeáint gur bhronn Comhairle an pháirtí i dtoghcheantar an Fheabhail deonacháin air lena fheachtas a mhaoinú ina iomláine.

Léiríonn foirmeacha caiteachais a chuir triúr feisire ón DUP isteach – Nigel Dodds, David Simpson agus Gavin Robinson – nach bhfuair siad aon tabhartas airgid dá bhfeachtais toghcháin, cé gur chaith siad beagnach £50,000 eatarthu.

D’fhiafraigh muid den DUP ar tugadh síntiúis airgid do na hiarrathóirí seo le linn a bhfeachtais toghcháin; agus dá mba rud é gur tugadh, cén suim a bhí i gceist.

Níor thagair an páirtí go díreach don mhéid a bhronn siad ar na trí hiarrathóir: “Many people have understood the term ‘donation’ to mean third party donations beyond the party. We will of course comply with any necessary Electoral Office reporting rules.”

Dúirt foinse sa DUP go bhfuil baol ann nach raibh taifead mar is gceart déanta ar íocaíochtaí a tháinig ó chuntas áitiúil an pháirtí – d’fhéadfaí nach ndearnadh taifead beacht ar shíntiúis agus gur bhotún trí thimpiste a bhí ann. Dúirt an páirtí go nglacfaí céimeanna lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Dúirt an Oifig Toghcháin linn nach ndearnadh uasdátú nó ath-aighniú ar fhoirmeacha an triúir ón DUP, de réir a dtaifead féin.

Ceisteanna faoi shíntiúis pholaitiúla
Ceisteanna faoi shíntiúis pholaitiúla

Síntiúis pholaitiúla – eolas úr ar fáil

Mar gheall ar lúb ar lár sa dlí, tá eolas úr ar fáil faoi aithne na ndaoine a thugann síntiúis do pholaiteoirí ag am toghcháin i dTuaisceart na hÉireann.

Faoin dlí reatha, ní chuirtear ainmneacha na ndeontóirí a thugann síntiúis do pháirtithe polaitiúla i dTuaisceart na hÉireann ar fáil go poiblí ar eagla go ndéanfaidh ionsaí nó imeaglú orthu.

Tá reachtaíocht éagsúil ann áfach a dhéanann riar ar ghnóthaí toghcháin, toghchán Westminster san áireamh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil taifead poiblí ann ar shíntiúis airgid a thugtar d’iarrathóirí toghcháin.

Mar gheall ar éiginnteacht idir an dá phíosa reachtaíochta seo, tá fáil ar ainmneacha na scórtha daoine agus comhlachtaí a bhronn airgead ar iarrathóirí i dtoghchán Westminster anuraidh.

Léiríonn an t-eolas atá faighte againn gur…

• Chaith na 18 feisire a toghadh os cionn £200,000 eatarthu ar a bhfeachtais;

• Ghlac iarrathóirí le deonacháin ó £4,000 go dtí os cionn £20,000. Ina iomláine, ghlac na 18 feisire a toghadh le luach £150,000 de dheonacháin eatarthu

• Bronnadh thar £48,000 ar an cheathrar iarrathóir ó Shinn Féin a toghadh go Westminster. Is é an páirtí féin a bhronn an t-airgead uilig leis na hiarrathóirí a toghadh.

• Ba é Comhairle Thoghcheantair an SDLP san Fheabhal a rinne an deonachán aonair ba mhó ó thaobh na bpáirtithe polaitiúla de, nuair a bhronn siad thar £21,000 ar an fheisire Mark Durkan.

• Ba iad na páirtithe polaitiúla a rinne mórchuid na ndeonachán lena gcuid iarrathóirí. Bhronn daoine aonair agus comhlachtaí beagnach £20,000 ar iarrathóirí eatarthu. Chuir na hiarrathóirí beagnach £10,000 isteach ina bhfeachtais féin.

• Thug comhlacht tógála síntiús de £5,000 ar iarrathóir DUP; seo an deonachán ba mhó a rinne comhlacht príobháideach.

Níl aon líomháin anseo go ndearna aon iarrathóir, deontóir aonair ná comhlacht rud ar bith as bealach.

Faoin lúb ar lár sa dlí, tá fáil ag an phobal ar ainmneacha na ndeontóirí a thugann airgead d’iarrthóirí toghcháin; ach tá cosaint go fóill ag daoine a bhronnann airgead go díreach ar pháirtí polaitiúil.

Tá cur síos déanta ag na hiarrathóirí sna foirmeacha caiteachais ar dheontóirí éagsúla, idir a n-ainmneacha iomlána i gcásanna áirithe agus cuid dá n-ainmneacha i gcásanna eile. Braitheann an t-eolas seo ar an tslí inar líonadh na foirmeacha isteach.

Lena bheith cothrom, creideann Meon Eile nach féidir linn díriú ar ainmneacha roinnt deontóirí agus gan cinn eile a lua as siocair go bhfuil bearnaí san eolas i roinnt de na cáipéisí.

Tá muid ag gníomhú fosta ar chomhairle dlí a fuair muid maidir leis na difríochtaí i reachtaíocht na síntiús polaitiúil.

Creideann Ann Watt, Ceannasaí an Choimisiúin Thoghcháin go gcuireann an t-eolas seo atá foilsithe leis an díospóireacht faoi shíntiúis pholaitiúla i dTuaisceart na hÉireann. Dúirt sí;

“We continue to press for more openness and we believe information about donations should be made public. It’s important for people’s confidence in the democratic process and in politics generally that there should be transparency about who is funding political parties.

“I think it’s helpful that there is some form of scrutiny of it because it airs some of these issues out in the open.”

Cén t-eolas atá ar fáil faoi shíntiúis pholaitiúla?

Déantar taifead poiblí ar aon tabhartas thar £7,500 sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. I dTuaisceart na hÉireann, áfach, ní fhoilsítear an t-eolas seo toisc buairimh faoi bhagairtí slándála. Cuirtear an t-eolas ar fáil don Choimisiún Toghcháin ach coinnítear faoi rún é.

Cé go mbaineann an rialachán seo le síntiúis a thugtar do na páirtithe féin, tá rialacha éagsúla ann maidir le deonacháin a dhéantar le hiarrathóirí toghcháin. Is rialacha iad seo a thagann as reachtaíocht a achtaíodh in 1983.

Luaitear go gcaithfidh iarrathóir toghcháin eolas a chur chuig an Phríomhoifigeach Toghcháin faoin aon síntiús thar £50 a thugtar dóibh.

I ngan fhios do mhórchuid an phobail, tá ainmneacha na ndeontóirí – idir dhaoine aonaracha agus chomhlachtaí – ar fáil go poiblí cé go raibh tuiscint ann gur eolas príobháideach a bhí ann.

Dheimhnigh Oifig Thuaisceart Éireann an lúb ar lár sa dlí nuair a rinne muid teagmháil leo. Dúirt siad go bhfuil tabhartais na bpáirithe faoi rún:

“There are no equivalent restrictions on the publication of information about donations made to (for example) electoral candidates.”

“While prevention of donor intimidation is an important objective, there are clearly strong transparency arguments against making the restrictions on publication of information wider than absolutely necessary, and previous policy makers will have taken a judgement at the time of introducing legislation on where the security/transparency balance lay in relation to these different groups.”

Lean siad leo: “The Government is committed to ensuring the maximum level of transparency that the security situation allows.”

Feachtais Maoinithe

Léirítear eolas faoi na 18 feirisí a togadh i dTuaisceart na hÉireann chuig Westminster i mBealtaine 2015 sa léaráid seo. Níl aon líomháin sa léaráid seo go raibh aon rud as bealach déanta. The Detail.
Léirítear eolas faoi na 18 feirisí a togadh i dTuaisceart na hÉireann chuig Westminster i mBealtaine 2015 sa léaráid seo. Níl aon líomháin sa léaráid seo go raibh aon rud as bealach déanta. The Detail.

Cé go bhfuil eolas ar fáil faoi gach iarrathóir a bhí páirteach i dtoghchán Westminster, mar chás staidéir fuair Meon Eile eolas ar na 18 buaiteoir sna toghcheantracha éagsúla.

Toghadh ocht bhfeisire DUP, ceithre fheisire Sinn Féin, trí fheisire SDLP, beirt fheisirí UUP agus aon fheisire neamhspleách amháin. Tá eolas sna tuairisceáin toghcháin ar chaiteachas gach iarrathóir agus briseadh síos ar dheonacháin aonair.

Cé go dtáinig mórchuid na ndeonachán a tugadh d’iarrathóirí ó na páirtithe polaitiúla féin, bhronn daoine aonair agus comhlachtaí beagnach £20,000 go díreach ar na hiarrathóirí. Rinne muid teagmháil leis na páirtithe polaitiúla ar fad lena dhearbhú go bhfuil an t-eolas a chuir siad ar fáil sna tuairisceáin cruinn.

Tabhartais leis an DUP

Dúirt foirmeacha David Simpon agus Nigel Dodds, DUP, nach bhfuair ceachtar iarrathóir aon síntiús, cé go raibh costais £35,000 leis an dá fheachtas. Anuas air seo, deirtear i bhfoirm Gavin Robinsin gur chaith sé £2,500 dá airgead féin, ach nach bhfuair sé aon tabhartas, cé gur chosain a fheachtas thar £14,000.

Dúirt urlabhraí DUP; “The majority of our candidates will self-fund campaigns and if donations are received they will be small amounts from individual party members and supporters.

“The only other donations which usually arise are a contribution to the campaign from the local party Association. This money will also have been raised by local fundraising efforts.

“We have indicated previously that we support a move towards greater transparency in political donations but we are mindful of the terrorist threat which does still exist. If there are anomalies in the law we would examine carefully any proposals to deal with this."

Léirigh foirmeacha caiteachais ó fheisirí DUP gur tháinig móramh na ndeonachán ó thoghoifigí an pháirtí ach gur thug rinne daoine aonair agus comhlachtaí síntiúis daoibh fosta. Fuair iarrathóir amháin ón DUP £5,000 ó chomhlacht tógála agus £5,000 eile ó dhuine aonair ar an lá céanna.

Níl aon líomháin á déanamh go ndearnadh aon rud as bealach maidir leis na deonacháin seo, nó go ndearna aon duine atá luaite sna foirmeacha aon rud éagorach.

SDLP – Mark Durkan

Léirigh foirm Mark Durkan, iarrathóir SDLP i nDoire, i dtús ama nach raibh aon síntiús airgid faighte aige, cé gur caitheadh breis is £20,000 ar a fheachtas.

Nuair a rinne muid teagmháil leis an SDLP faoin mhéid seo, dheimhnigh siad linn gur thug toghchomhairle Fheabhail an pháirtí an t-airgead dó agus go raibh dearmad déanta ar an fhoirm toghcháin ar dtús.

Dúirt urlabhraí seo; “A typographical error was previously made on Mark Durkan’s spend return which has now been clarified with the relevant officials and corrected.”

Ba é an páirtí féin a bhronn mórchuid an airgid a chaith iarrathóirí an SDLP ar a bhfeachtais seachas i gcás amháin nuair a thug comhlacht díoltóireachta gluaisteáin £400.

Dúirt urlabhraí ón SDLP, cé gur thacaigh siad le trédhearcacht i dtaca le maoiniú na bpáirtithe polaitiúla de i bprionsabal, go raibh gá ainmneacha na ndeontóirí a chosaint i gcoinne: “the context of a continued campaign of dissident violence.”

Feisirí UUP

Bronnadh deonachán thar £23,000 ar dhá fhéirise de chuid an UUP, Danny Kinahan agus Tom Elliot. Thug an páirtí féin móramh na dtabhartas dá gcuid iarrathóirí.

Bhronn an UUP thar £3,500 ar fheachtas Danny Kinahan in Aontroim Theas. Chuir Cumann Toghcheantair na nAontachtaithe i bhFear Manach agus Tír Eoghain Theas £13,700 ar fáil do Tom Elliot.

Is daoine aonair, tiarnaí agus bantiarnaí ina measc, a bhronn na síntiúis eile idir £100 agus £500 ar an UUP.

Dúirt an UUP linn go raibh siad sásta gur léiriú cruinn a bhí san eolas a cuireadh ar fáil don Oifig Toghcháin.

Chuir muid ceist ar an UUP faoin pholasaí reatha gan deontóirí a thacaíonn le páirtithe polaitiúla a ainmniú ach gur féidir deontóirí na n-iarrathóirí toghcháin a aithint:

“We very much regret that the political environment in Northern Ireland is such that political donations to local parties cannot currently be treated the same as in the rest of the United Kingdom.

“We very much hope that the security situation normalises to the point where the openness and transparency which is the norm with regard to political donations in other parts of the United Kingdom, is also possible here.”

Sinn Féin i bhfách trédhearcacht iomlán

Maidir le Sinn Féin, fuair ceathrar feisire dá gcuid £48,000 i ndeonacháin eatarthu. Tháinig na síntiúis airgid seo uilig ó thoghoifigí an pháirtí i dtoghcheantair an cheathrair.

Dúirt Sinn Féin linn i ráiteas: “At election time it is Sinn Féin as a political party that finances its candidates directly. Our candidates receive no other donations directly.”

Dúirt urlabhraí an pháirtí go raibh siad i bhfách le: “full disclosure, openness and transparency in the use of public funds by political parties and representatives”.

Tá an chumhacht ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Theresa Villers, deireadh a chur leis an chosc ar ainmniú dheontóirí na bpáirtithe polaitiúla.

D’fhiafraigh muid den Oifig Toghcháin ráiteas a dhéanamh faoin lúb ar lár sa reachtaíocht a chuireann cosc ar dheontóirí na bpáirtithe polaitiúla bheithb ainmnithe ach a ligeann eolas faoi dheontóirí na n-iarrathóirí toghcháin bheith curtha ar fáil go poiblí.

Dúirt Oifig Thuaisceart Éireannn go bhfuil trédhearcacht na síntiúis polaitiúil ina tosaíocht pholasaí acu.

Trédhearcacht sa todhchaí

Agallamh:Ann Watt, Ceannasaí den Choimisiún Thoghcháin.

Tá ceisteanna faoi thrédhearcacht na síntiús polaitiúil i dTuaisceart na hÉireann tagtha faoi dhianscrúdú le blianta beaga anuas.

Deir Ceannasaí den Choimisiúin Thoghcháin, Ann Watt, go dtuigeann sí an mearbhall atá ann mar gheall ar eolas atá ar fáil agus eolas eile atá faoi rún.

Dúirt sí linn:

“In Northern Ireland you have a situation where on the one hand the Government has made a judgment that it is not appropriate for information on donors to political parties to be made public. But on the other hand information on donors to party candidates during elections is readily available.

“There obviously is a difference because you’re dealing with two different pieces of legislation with two different sets of rules. I agree that this difference may be confusing but our position remains the same that we are pushing for greater transparency across the board and things are beginning to change.”

Sa bhliain 2014, d’achtaigh Westminster dlí go dtiocfadh deonacháin na bpáirtithe polaitiúla a chur ar thaifead poiblí amach anseo. Tá sé ráite san Acht um Fhóralacha Ilghnéitheacha Thuaisceart Éireann (2014) nach gcuirfear ainmneacha dheontóirí na bpáirtithe ar thaifead poiblí go dtí go mbeidh sé sábháilte lena leithéid a dhéanamh.

Dúirt Oifig Thuaisceart Éirinn linn: _“At present the Government’s focus is on bringing forward secondary legislation to improve transparency, using the powers given to the Secretary of State for Northern Ireland in the 2014 legislation.

This secondary legislation will ensure that only the identities of donors to Northern Ireland recipients are protected; all other details relating to donations and loans will be published, such as the value of the donation, the recipient, when the donation was made and the status of the donor. We see this as an important next step towards full transparency.”_

Deir Ann Watt, áfach, gurb é cúspóir an Choimisiúin Thoghcháin ná trédhearcacht iomlán a lorg i leith síntiúis pholaitiúla i dTuaisceart na hÉireann.

Dúirt sí: “Ultimately it is about who is funding and influencing politicians and political parties here and therefore having more transparency around what decisions are being made and why they are being made.”

Chuidigh Niall Mc Cracken agus Lindsay Fergus, beirt iriseoirí le The Detail, linn an t-alt agus an taighde seo a chur i gcrích.

Close
Close