Cáineadh déanta ar fhiosrúchán na dtrioblóidí

Cáineadh déanta ar fhiosrúchán na dtrioblóidí

Le sé bliana déag anuas níor ciontaíodh ach ceathrar as ionsaithe bainteach leis na trioblóidí, dar le tuarascáil atá foilsithe ag an Choiste um Riaradh an Cheartais (CAJ).

Beirt phoblachtánach agus beirt dhílseoir a cuireadh go príosún ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta in ainneoin na scórtha milliún a bheith caite ar fhiosrúchán na dtrioblóidí.

Tá scagadh déanta ag an Choiste um Riaradh an Cheartais ar na cúiseanna nár ciontaíodh aon ghníomhaire stáit nó saighdiúir armtha ó bhí 1998 ann i dtaca le dúnmharuithe ó na dtroiblóidí.

Sular druideadh é ar an mhí seo caite, chaith Foireann na bhFiosrúchán Stairiúil de chuid Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann naoi mbliana i mbun scrúdaithe ar os cionn 3,000 dúnmharú ó na trioblóidí atá gan réiteach.

In ainneoin £30 milliún a chaitheamh ar fhiosruithe, níor chuir an Fhoireann aon chás a raibh ceangal stáit leis faoi bhráid na bpóilíní.

Níor tugadh aon bhall d’fhorsaí stáit os comhar cúirte ach an oiread, ceist atá ardaithe in athuair i dtuarascáil an Choiste um Riaradh an Cheartais.

“Dírítear sa tuarascáil ar na cleachtais atá in úsáid ag an Stát lena gcuid freagrachtachtaí i dtaca leis na dtrioblóidí a laghdú,” arsa údar na tuarascála, Daniel Holder.

Cháin scrúdaitheoir neamhspleách claontacht Fhoireann na bhFiosrúchán Stariúil agus cuireadh ina leith nach ndearna siad scrúdú cothrom ar choireanna ceangailte leis na fórsaí armtha.

“Léirítear gur tugadh díolúine do shaighdiúirí agus spiadóirí as coireanna ar cheart go mbídís ciontaithe astu,” a dúirt Holder.

Deirtear sa tuarascáil gur choinnigh Rialtas na Breataine eolas siar i bhfiosruithe áirithe agus ‘cúraimí slándála náisiúnta’ mar údar ceilte acu.

Shocraigh páirtithe an Tionóil i gcainteanna Theach Chnoc an Anfa um Nollaig go mbunófaí Aonad na bhFiosruchán Stairiúil atá neamhspleách agus a stiúradh ag Bord Póilíneachta Thuaisceart Éireann.

Dúirt Ardchonstábla na póilíní, George Hamilton go n-imeoidh dhá bhliain thart sula dtosóidh an tAonad úr i mbun fiosruithe.

“Tabharfaidh sé tréimhse ocht mí dhéag orainn creatlach reachtúil a chruthú d’Aonad na bhFiosruchán Stairiúil. Rachaidh Brainse Fiosruithe Leagáide i mbun scrúdaithe san idirlinn,” arsa an tArdchonstábla Hamilton.

D’fháiltigh lucht feachtais Shléacht Bhaile Uí Mhurchú roimh thuarascáil an Coiste um Riaradh an Cheartais.

Siar i mí Lúnasa 1971, scaoil Arm na Breataine duine déag chun báis i mBaile Uí Mhurchú thar thrí lá.

Níor ciontaíodh aon duine ariamh.

“Shíl feachtas Shléacht Bhaile Uí Mhurchú nach raibh fiúntas dá laghad san Fhoireann Fiosruchán Stairiúil mar nach raibh neamhspleáchas ar bith acu,” arsa an feachtasóir, Liam Stone.

“Is é an sprioc atá ag na teaghlaigh ná go n-eagraítear fiosruchán poiblí neamhspleách. Tá súil againn go mbeidh dáta ann le scrúduithe iarbháis a dhéanamh ar na coirp arís roimh dheireadh na bliana," a deir Stone.

Is féidir an tuarascáil ina iomláine a léamh ag an nasc seo.

Teaghlaigh Bhaile Uí Mhurchú go fóill ar lorg cothromas...
Close
Close