Dónall Mac Giolla Chóill
Ar dtús an mhí seo, caithfidh mé coimhlint leasa a fhógairt: is Albanach mé.
Más amhlaidh gur mar an gcéanna le Giúdachas agus maoileachas fireann é, tagann sé ó thaobh na máthrach, agus ó tharla gur rugadh mo mháthair ar bhruach abhainn na Cluadh (Clyde) in 1935, fagann sin, ar a laghad gur leath-Albanach mé.
Meán Fómhair na bliana seo rachaidh muintir na hAlban chuig na botháin vótála agus caithfidh said vóta ar son nó i gcoinne neamhspleáchais ón Ríocht Aontaithe.
Tá an reifreann seo ag déanamh buairimh do rialtas Westminster, agus tá na gunnaí móra á dtabhairt amach acu le cur in iúil do phobal na hAlban gurbh fhearr i bhfad dóibh fanacht san áit a bhfuil said, taobh istigh d’aontas grámhar a bhfuil a leasa de shíor mar an chloch is mó ar a bpáidirín.
I bhfírinne, tá fíric amháin anseo nár luadh go poiblí go fóill. Is é sin, má thograíonn Albain i Meán Fómhair, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a fhágáil, ní bheidh Ríocht Aontaithe ann níos mó.
Bunaíodh an Ríocht Aontaithe mar a thuigeann muid anois é, i ndiaidh Acht an Aontais 1801 agus an ceann roimhe sin a cheangail Albain nó North Briton, más mian leat, leis an choróin.
Ní bheidh fágtha ach ríocht amháin – Sasana, prionsacht amháin – an Bhreatain Bheag (nó Cymru), agus cúige amháin – Tuaisceart Éireann, Tuaisceart na hÉireann, na Sé Chontae, Ar Wee Pravince, Oirthuaisceart Éireann, mar pháirt den aontas iomlán.
Ní bheidh an ríocht aontaithe níos mó, cé go bhfuil Alex Salmond sásta go mbeadh Eilís Windsor Bean Mountbatten mar cheann urraidh stáit go fóill, agus go mbeadh an punt sterling go fóill mar aonad airgeadais.
Ar a laghad má vótálann Albain ar son neamhspleáchais, bheidh leithscéal níos fearr ag lucht siopaí ó dheas den teorainn diúltiú don phunt Albanach.
Tá impleachtaí go leor ag baint le neamhspleáchas, ní ceist fhurasta í.
Tóg san áireamh campa núicléach faslane, agus ola agus gáis na Mara Thuaidh, agus an t-ioncam uile sin, chomh maith leis an méid Sasanach a bhíonn ag obair ó thuaidh agus a bhfuil cónaí orthú ó dheas den teorainn, nó a bhfuil ionaid agus tithe saoire acu ó thuaidh, Eilís agus an teachín sin aici i mBalmoral san áireamh?
Tá rialtas Shasana i ndiaidh geallúint a dhéanamh má vótálann Albain i gcoinne neamhspleáchais, go dtabharfaidh said cearta cánach dóibh, agus go mbeidh rud darb ainm Devo-Max i bhfeidhm – neamhspleáchas ach gan ainm neamhspleáchais air.
Anois tá seo ina ábhar suime dúinne anseo i dTuaisceart na hÉireann, Tuaisceart Éireann, na Sé Chontae, Ar Wee Pravince, mar go bhfuil an feidhmeannas anseo ag iarraidh go mbeadh cumhachtaí maidir le cáin chorparáide déabhlóidithe ionas gur féidir dhul in iomaíocht leis an deisceart.
Ar a bharr sin, má fhágann Ríocht na hAlban an Ríocht Aontaithe, beidh seo ina spreagadh eile ag lucht náisiúnach an tuaiscirt anseo pobalbhreith ar cheist na teorann a lorg.
Mar focal scoir, mo mháthair, go luath sna ‘60dí, agus í ag lorg páipéarachais le haghaidh víosa agus pas le dhul go Meiriceá, chuaigh sí chuig oifig inteacht agus líon foirm inteacht isteach.
Faoi náisiúntacht, chuir sí síos ‘Scottish’, dúirt an bhean ar chúl na deisce léi; “Excuse me miss, there is no such nationality, you’re British.”
Agus í i Meiriceá, ní fada gur chuir sí tús leis an phróiseas le náisiúntacht na tíre sin a bhaint amach.
An gciallaíonn sin gur leath-Mheiriceánach mé?