Eoin Ó Murchú
Bhí na milliúin i Meiriceá, agus na mílte in Éirinn féin fiú, ag breathnú ar an díospóireacht teilifíse idir iarrthóirí d’uachtaránacht na Stát Aontaithe.
Ní raibh na hiarrthóirí ar fad páirteach ar ndóigh, mar níor tugadh cead isteach do Jill Stein ón bPáirtí Glas nó Gary Johnson ón bPáirtí Liobraíoch.
Ní théann daonlathas SAM chomh fada sin.
Maidir leis an díospóireacht féin, deir na saineolaithe ar fad go raibh an bua ag Hillary Clinton ar Donald Trump.
Ach tá an cheist fós ann: cén tionchar a bheidh aige seo ar an toghchán féin i mí na Samhna, agus céard iad na himpleachtaí dúinne?
Tá sé deacair casadh ar dhuine ar bith in Éirinn a bhfuil focal deas le ra aige nó aici faoi Donald Trump.
Taobh amuigh den nasc fada idir Éirinn agus na Daonlathaigh i Meiriceá, tá gnéithe gránna leirithe ag Trump i gcaitheamh an fheachtais: ciníochas oscailte, go háirithe i gcoinne mhuintir Mheicsiceó; dímheas dínáireach ar mhná; agus eile.
Sé an t-ionadh i Meiriceá mar sin gur éirigh chomh maith le Trump go dtí seo is go bhfuil an rás idir é féin agus Hillary Clinton idir dhá cheann na meá i gcónaí.
Níl an ghránnacht chéanna ag baint le Bean Clinton, ach tá sí ar na hiarthóirí uachtaránachta is lú gnaoi an phobail uirthi – seachas Trump féin.
Tá boladh na caimiléireacht ag baint léi (agus lena fear céile Bill), agus an tuairim gur cuma léi an fhírinne.
Ó thaobh na polaitíochta de, bhi sí féin agus a fear céile go láidir ar son na gcómhaontaithe trádála seo a threisigh cumhachtaí na n-ollchomhlachtaí ach a d’fhág cuid mhaith den iarcheantar tionscail i Meiriceá bánaithe – agus an lucht oibre a bhíodh mar chnámh droma na tíre caite sa mbochtanas agus sa deareóile.
Iad seo ar ndóigh na daoine nua nár vótail riamh roimhe do na Poblachtánaigh ach atá ag taobhú le Trump mar agóid in aghaidh a tharla dóibh.
Ní hamháin sin, ach tá fuil ar lámha Hillary Clinton.
Mar Rúnaí Stáit is ise a bhrúigh an cogadh ar an Libia, a d’fhág an tír in aimhréidh ar fad.
Faoi Ghaddafi bhí córas sláinte den scoth ag an tír, leibhéil arda oideachais, cearta cothromais do mhná is caighdeán maireachtála nach raibh forleathan sa taobh sin den domhan.
Tá na buntáisti sin uilig scriosta ar fad anois, ach níl aon stad fós le hionsaitheacht Chlinton.
Má tá leisce ar Uachtarán SAM Barak Obama dul chun cogaidh amach sa tSíria, tá Hillary ar bís le dul i ngleic leis an Rúis ach go háirithe faoin tír seo.
Agus tá sí ag iarraidh freisin anois cogadh a ghríosú ar an Rúis mar gheall ar chás na hÚcráine.
Ní fheictear dom go bhfuil an oiread tionchair ag polasaithe eachtracha ar ghnáth-vótóirí Mheiriceá, ach tá na frithbheartaigh is gránna sa tír, ar nós Paul Wolfowitz, i ndiaidh na Poblachtanaigh a thréigean mar gheall ar an droim láimhe a mhaíonn Trump a thabharfadh sé do chogaí eile thar lear.
Agus dá chomhartha sin tá Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, ag labhairt go cairdiúil faoi Trump, agus fiú tá an Choiré Thuaidh tagtha amach ina fhabhar!
Tá na forsaí is mó ionsaitheachta i SAM ag tabhairt go láidir faoi Trump mar gheall ar a bhfuil ráite aige faoin dá thír sin ach go hairithe.
I gcás na Rúise, duirt sé gur cuma leis an Úcráín is nach cóir do SAM dul chun cogaidh mar gheall uirthi.
Agus maidir leis na gCoiré duirt sé gur chóir an scéal a fhágáil idir an dá stát Coiréacha agus an tSeapáin, cé gur mhol sé don tSín “fáil réidh le Kim Jong-Un”.
Go bunúsach tá Trump ag iarraidh – nó ag rá go n-iarrfaidh sé – stop a chur leis an bpáirt dhomhanda a bhí ag Meiriceá i riaradh an domhain.
Sin é a cheanglaíonn a sheasamh i gcoinne cogaíochta lena ngearáin faoi bhánú na gceantar tionscail i Meiriceá fein, ach is ar an dara pointe sin a bhfuil a thacaíocht bunaithe air.
Níl bunaíocht an stáit sin, míleata, eacnamúil, polaitiuil nó eile, ag iarraidh go mbuafadh Trump, agus is ar éigean go bhfaigheadh sé móran tacaíochta ó Easpáinnigh nó mionlaigh eile nó ó mhná.
Mar iarrthóir na bunaíochta is dócha go mbeidh an bua ag Clinton, ach ta éacht déanta ag Trump nach bhfuil sé sin cinnte go fóill.