Bille dlí £16,500 le polasaí teanga an Bhoird Turasóireachta

Bille dlí £16,500 le polasaí teanga an Bhoird Turasóireachta

Chaith Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann (BTTÉ) £16,500 ar chosaint dlí do chonspóidí comharthaíochta a chruthaigh a bpolasaí teanga féin.

Ina measc, d’íoc an Bord Turasóireachta £3,000 ar chosaint dlí i mBinse Saoráil Fáisnéise a mhair aon lá cúirte amháin an tSamhain seo caite.

Sa chás seo, d’éirigh leis an Choiste um Riaradh an Cheartais (CAJ) dúshlán BTTÉ a thabhairt nuair a dhiúltaigh siad cáipéisí a scaoileadh faoina gcinneadh gan Gaeilge a cheadú ar chomharthaí i nDún Phádraig.

Nochtadh an t-eolas seo i gceisteanna a d’fhreagair an tIar-Aire Fiontair, Tradála agus Infheistíochta, Arlene Foster, ón Chomhalta Caitríona Ruane sa Tionól.

“Beidh muid ag labhairt leis an Aire nua, Jonathan Bell. Tá sé scannallach gur chaith an tAire airgead poiblí chun idirdhealú a dhéanamh,” a dúirt an Comhalta Ruane.

Deir Leas-Stiúrthóir CAJ, Daniel Holder go bhfuil cúiseanna amhrasacha tugtha ag an Bhord Turasóireachta lena gcaiteachas a mhíniú agus go bhfuil leithcheal déanta acu ar a ndualgaisí faoin Chairt um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

“Bhí muid sásta gur éirigh linn na caipéisí a fháil a thug ar an Bhord diúltú do chomharthaíocht dhátheangach i nDún Phádraig. Cuireadh locht ar chaiteachas na gcomharthaí ach léirítear nárbh í sin cúis na faidhbe,” arsa an tUasal Holder.

Agus comhfhreagras faoin chinneadh maoinithe acu, thug an Coiste um Riaradh an Cheartais (CRC/CAJ) foláireamh don Bhord Turasóireachta a bpolasaí teanga a athrú nó go gcuirfí os comhair na hArdChúirte iad. D’aontaigh an Bord tabhairt faoin athbhreithniú.

Dúirt an Bord Turasóireacht le Meon Eile go mbeidh an t-athbhreithniú ar a bpolasaí teanga curtha i gcrích faoin fhómhar ach nach bhfuil an t-athbhreithniú ‘teorannaithe d’aon teanga amháin’.

D’iarr Meon Eile ar an Chomhalta Caitríona Ruane ceithre cheist a chuir ar an Aire Foster i ndiaidh gur dhiúltaigh an Bord Turasóireachta ceisteanna áirithe dár gcuid a fhreagairt.

Bord Turasóireachta - £16,500 caite ar chúnamh dlí faoi chomharthaíocht

Cúlra na coimhlinte idir Comhairle an Dúin agus an Bord Turasóireachta

Bhronn an Bord Turasóireachta deontas £200,000 ar Chomhairle Ceantair an Dúin i 2010 le tionscnaimh thurasóireachta a fhorbairt i gcontae an Dúin.

Lorg an Chomhairle Ceantair go mbeadh an chomharthaíocht mórthimpeall chosán Siúlóide Dhún Phádraig dátheangach, gníomh a thacódh lena bpolasaí dátheangach.

Tar éis iarratas na Comhairle, d’iarr an Bord Turasóireachta comhairle na Roinne Fiontair, Trádála agus Infheistíochta.

Scríobh Rúnaí don Aire Arlene Foster, DUP, chuig an Bhord ag moladh gan maoiniú don chomharthaíocht dhátheangach a cheadú.

Sna sála ar threoir na Roinne, dhiúltaigh Príomhfheidhmeannach an Bhoird Turasóireachta, Alan Clarke, do mholadh Chomhairle Ceantair an Dúin:

“NITB’s focus is on the visitor experience – to ensure that all tourist interpretation is clear, consistent, not confusing and assists the visitor in understanding the importance of the destination… We have seen no evidence from the visitor perspective to justify a change from this approach.”

- Treoir ó iar-Phríomhfheidhmeannach BTTÉ, Alan Clarke 17/1/2011

An t-aighneas sa phobal

Dún Pádraig
Dún Pádraig

Chothaigh freagra an Bhoird Turasóireachta míshástacht agus achrann i measc bhaill na Comhairle.

Lorg an tiar-Chomhairleoir Éamonn Mac Con Midhe comhairle dlí faoin ábhar. Moladh don Uasal Mac Con Midhe, in ainneoin na cosúlachta go raibh beartas BTTÉ mídhleathach, nach mbeadh ach breis is leathsheans acu i gcás cúirte.

Mar shiombail mhíshástachta, dhiúltaigh an Chomhairle Ceantair do chomharthaí áirithe. Ghlac Comhairle Ceantair an Dúin go drogallach leis an mhaoiniú eile mar gheall ar bhagairt go gcaillfidís an maoiniú mura mbeadh an tionscnamh curtha i gcrích faoi Mhárta 2011.

Coiste um Riaradh an Cheartais ag tabhairt dhúshlán an Bhoird Turasóireachta

I dtrátha am an aighnis i nDún Phádraig, scríobh Daniel Holder ón Choiste um Riaradh an Cheartais chuig an Bhord Turasóireachta ag cur ina leith a ndualgais teanga sáraithe acu. Rinne an tUasal Holder iarratas ar gach comhfhreagras bainteach le cinneadh BTTÉ faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

“Cuireadh muid ar an eolas go raibh coinníoll maoinithe ag an Bhord Turasóireachta go gcaithfeadh gach iarratas ar chomharthaíocht a bheith aonteangach. D’ardaigh seo ceisteanna dlíthiúla, ceisteanna leathcheala agus ceisteanna fá chearta teanga.

Dúradh linn nach raibh buntáiste eacnamaíoch le comharthaíocht dhátheangach, go gcuirfidh mearbhall ar thurasóirí agus go mbeadh sé ina bhagairt do thiománaithe," arsa an tUasal Holder.

Lorg iar-Phríomhfheidhmeannach an Bhoird Turasóireachta, Alan Clarke, comhairle ón Aire Arlene Foster sna sála ar líomhaintí an Uasail Holder. Moladh do a gcomhairle dlí féin a lorg.

Blaiseadh den chumarsáid idir an dhá eagras stát

Léiríonn comhfhreagras a cuireadh ar fáil don Choiste um Riaradh an Cheartais le linn na Binse Saorála Fáisnéise nach raibh an Roinn Fiontar, Trádáil agus Infheistíochta nó Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann sásta freagracht a ghlacadh as an chomharthaíocht dhátheangach a dhiúltú i nDún Phádraig.

Tar éis dóibh comhairle dlí a lorg, scríobh Cathaoirleach BTTÉ, Howard Hastings, chuig an Roinn Fiontair, Trádála agus Infheistíochta ag míniú a ngníomhaíochtaí:

NITB received a Departmental direction on this issue as follows. “Do not formalize a policy, but stand over the current approach.

This provides useful clarification… We therefore accept the Ministerial Direction and subsequent Departmental direction and clarification” – 17/9/2012_

Shéan Leas-Rúnaí na Roinne go raibh treoracha foirmeálta curtha ar fáil ag a chomhghleacaithe:

“You use the word ‘direction’ in relation to the email from the Minister’s Private Secretary on 11 January 2011. I do not consider either of these as formal ‘directions’ and they should not be treated as such. Nevertheless, I accept that they are communications from the Department in which we sought to give advice.”

Tá na cáipéisí uilig a cuireadh ar fáil le linn na Binse Saorála Faisnéise ar fáil anseo.

Close
Close