Ar chluinstin dóibh faoin chliseadh i mBanc Uladh, ní raibh ach an t-aon cheist amháin ag dó na geirbe do na mílte custaiméir agus ba í sin, cad é mar a chuirfidh an prácás teicneolaíochta seo isteach ar a gcúrsaí féin.
An mbeidh siad, mar shampla, go fóill ábalta airgead a tharraingt amach as an ATM (an t-airgeadóir – sin anois aistriúchán snasta ar ATM).
Sea, ar ndóigh, agus an n-oibreoidh na híocaíochtaí díreacha isteach agus amach as a gcuntas?
Gan amhras, rith an smaoineamh leo dá dtitfeadh an lug ar an lag, cé chomh scioptha is a bheadh Banc Uladh ag íoc cúitimh leo?
Ag cur san áireamh áfach, gur cliseadh teicniúil a ba bhun leis an rud uilig, nach dtabharfadh sin an leithscéal dóibh gan a dtóin a chur as riocht i dtaca le cúiteamh dó?
Bhrostaigh mise síos go dtí an t-airgeadóir a ba ghaire dom chun fiosrú a dhéanamh. D’inis an t-inneall damanta dom gur ‘Neamhní’ an t-iarmhéid a bhí ar fáil agam.
Faraor, níorbh í sin an chéad uair riamh ar inseoidh a leithéid de scéal dom.
Dhearbhaigh fiosrú níb iomláine gurb amhlaidh a bhí cúrsaí i bhfírinne – rud éigin a bhain le barraíocht airgid a chaitheamh agus gan go leor a lóisteáil.
Is cosúil nach raibh aon chás agam i gcoinne Bhanc Uladh ainneoin an chliste theicneolaíochta!
Mar sin féin tá daoine ar chlár an domhain seo a bhfuil airgead fíor acu ina shuí i gcuntais i mBanc Uladh.
Tá siadsan ag lorg freagraí gasta ar cheisteanna crua. Bheinnse ina measc mé féin ach an saol seo bheith ina cheart.
Ar mhaithe leis an alt seo agus chun léitheoirí Meon Eile a chur ar an eolas, d’fhiosraigh mé le Banc Uladh cad é an cliseadh a bhí ann go díreach agus cá huair a bhéas an fhadhb réitithe?
Níor thuig mé roimhe seo go n-oibríonn Homer Simpson do Bhanc Uladh, ach oibríonn agus nach mbeadh a fhios agat gur eisean a fuair mé le déileáil le m’fhiosrúchan.
“Sea,” a dúirt Homer, “cliseadh teicneolaíochta a bhí ann. Agus beidh sé réitithe againn chomh luath agus is féidir… faoi dheireadh na seachtaine má bhíonn an t-ádh orainn nó go luath an tseachtain seo chugainn ar an taobh amuigh.”
Gan amhras bhí Homer ag bailiú a chuid eolais ó na preasráitis chéanna is a léigh an domhan is a mháthair sna nuachtáin ó tharla an cliseadh seo.
De réir cosúlachta ní raibh a fhios ag Banc Uladh féin cé chomh holc is a bhí an fhadhb agus, dá bharr sin níl tuairim dá laghad acu faoi cad é mar a chúiteoidh siad a gcuid custaiméirí.
Sin an fáth a bhfuil Homer acu chun an rud atá dóiléir a dhéanamh dubh dorcha ar fad. Cé chomh fada eile is mhaireas Banc Uladh é féin, an cheist is mó orthu go léir.
Teipeann ar bhancanna an t-am ar fad ar fud an domhain, agus anseo in Éirinn fosta.
Cad é, mar shampla, a tharla do Bhanc Laighean?
B’fhéidir gur blianta fad ó shin a bhí sé, ach mhair Banc Laighean agus d’imigh Banc Laighean de dhroim an tsaoil, cibé cúis a bhí lena imeacht.
An bhfuil aon chúis ann nach n-imeodh Banc Uladh isteach san aer fosta lán chomh héasca ?
Tá fhios agam an méid seo, dá mbeinnse i gceannas ar cheann ar bith den iliomad bancanna eile bheadh straitéis oscailte ar bun go faobhrach agam chun custaimeirí mí-shásta a mhealladh ó Bhanc Uladh isteach, ag tosú leo siúd a bhfuil airgead ceart le lóisteáil acu agus ag oibriú mo bhealach síos go dtí na bochtáin a bhfuil ‘available balance nil’ acu.
Maidir le Homer bhrúigh mé é agus bhrúigh mé é go dtí gur scaoil sé na pónairí.
“Tharla an cliseadh thíos go maith i slabhra na seirbhíse,” ar seisean.
“Rinne duine bocht éigin botún. Bhrúigh sé an cnaipe contráilte ar an ríomhaire. Ansin thug sé iarraidh agus iarraidh eile a mhéancóg a chóiriú. Ach ní dhearna sé ach prácás níos mó agus níos measa.”
Tuigim, faoin am seo, go bhfuil na boic is mó agus is ceanndána taobh istigh de Bhanc Uladh curtha ar dualgas faoi leith, féacháil leis an fhadhb a réiteach.
Moladh go dtabharfadh réiteoirí córais isteach ó bhancanna eile ach níl Banc Uladh sásta a gcuid leabhar a oscailt ar eagla go mbrisfidh na rúin ghnó s’acu.
Táthar ann a chreideann gur banc éigin eile a rinne scrios rúnda ar chóras ríomhairí Bhanc Uladh, ach tá oiread céanna ann den bharúil gur ag fostú barraíocht Homer Simpsons a ba chúis leis an trioblóid.
Chuala mé ráite é, agus creidim gur fíor, go bhfuil cinneadh feidhmeannais déanta ag cathaoirleach Bhanc Uladh mo Homer cóir a bhriseadh as a phost agus é a sheoladh ar ais chuig an jab a bhí aige roimhe – bainisteoir i bhfearas cumhachta núicléiche!
Cuimhnigh ar an cheist a chuir an drámadóir Gearmánach Bertolt Brecht sa bhliain 1928: Cad é an choir a bhain le banc a robáil i gcomparáid leis an choir a bhaineann le banc a bhunú?
Idir an dá linn, más mian le bainisteoir bainc ar bith mise a mhealladh ar shiúl ó Bhanc Uladh ba mhaith lion a chluinstin cad é ata sé ag tairiscint.
Dhéanfadh saoire choicíse lán íoctha i mBarbadós mo chúis mar bhronntanas ‘fáilte isteach’.
Gearóid Ó Cairealláin