Conall O Móráin, láithreoir an Sunday Business Show, Today FM
Bhí casadh eile i scéal leanúnach Apple inné nuair a chuala muid go raibh an tAontas Eorpach (AE) tar éis iarraidh ar Rialtas na hÉireann gan na mionsonraí ón mbreith a thug Coimisinéir an AE, Margarethe Vestager, ar Apple agus cáin, a scaipeadh leis an bpobal.
Tá sé dona go leor go bhfuil na céadta urlabhraithe, saineolaithe, tráchtairí, iriseoirí, polaiteoirí agus fiú lucht éisteacha chlár Joe Duffy ar RTE tar éis a gcuid tuairimí a nochtadh faoi scéal casta, atá á leathadh amach thar 130 leathanach dlúth, gan an bun-ábhar léite acu.
Is léir nach bhfuil an scéal iomlán ach ag an Aire Airgeadais, Michael Noonan, agus a mhion-chiorcal.
Dá bhrí sin ní fiú mórán, nó b’fhéidir dada, tuairimí aon duine eile sa tír mar nach bhfuil an scéal againn.
Amárach (Céadaoin, 7ú) beidh díospóireacht sa Dáil faoi Apple, cúrsaí gnó, agus an cháin chorparáideach nach ndíolann roinnt do na comhlachtaí lonnaithe sa tír seo.
Ach céard is féidir plé mura bhfuil na fíricí ar fáil?
Cur amú ama is mó a bheidh ar siúl san Oireachtas.
Ach seo rud nach bhfuil rúnda ach atá thar a bheith tábhachtach maidir leis an scéal leathan.
Tá dhá shórt cóid dlí trasna na hEorpa.
Tá cód an Dlí Shibhialta ann atá comónta i bhformhór tíortha an AE.
Tá roinnt do na bunchlocha sa chód seo feicthe againn ar chláir teilifíse ina bhfeictear an breitheamh, nó giúistís chun bheith níos cruinne, ag glacadh dualgais iniúchta air féin i gcásanna cúirteanna.
Sin rud nach dtarlaíonn riamh faoin gcóras againne, córas an Dlí Choitinn, a fuair muid agus Málta mar oidhreacht ó na Breatnaigh.
Agus sin an córas céanna atá acu sa Ríocht Aontaithe freisin.
Ag an bpointe seo éiríonn cúrsaí beagáinín casta.
Glac uaim é go bhfuil bealaí an-difriúla idir an dá chóras, rud nach bhfuil cabhrach in aon chor nuair a bhíonn seirbhísí poiblí an AE ag dréachtú dlíthe nua.
Faoin dlí sibhialta bíonn brollach ag tús aon phíosa dlí a thugann le fios céard iad spriocanna an dlí nua agus ansin bíonn an scríobh faoin dlí féin gonta go maith.
Sa chóras againne, an dlí coiteann, scríobhtar a bhfad níos mó faoin dlí i gcorp an dréachta agus fágtar faoi na breithimh tuiscint a thabhairt ar céard a bhí ar intinn sa dlí ar an gcéad dul síos.
Ceist béime, ach pointe tábhachtach é, atá idir an dá chóras.
Agus cén fáth?
Mar go bhfuil cúlra sa dlí shibhialta ag Vestager agus tá dlíodóirí sa tír seo den tuairim nach dtuigeann sí an difir béime idir an da chóras dlí.
Dá bharr, deir siad go bhfuil ceangal dlúth idir seo agus an tuiscint atá ag ár gCoimisinéirí Cánach a deir gur dhíol Apple aon cháin a bhí dlite sa tír seo.
Anois, is dóigh go bhfuil roinnt agaibh ag breathnú i dtreo neamh, ag déanamh iontais de cén fáth go mbeadh a leithéid chomh tábhachtach, agus ag fiafraí go simplí, “Cén fáth nach ndíolann Apple a gcuid cánach – lán stad?”
Cuir mar seo é.
Tá duine agaibh ag tiomáint ar an mbóthar agus gach rud in ord, dar libh. Stopann Garda sibh agus deir sé nach bhfuil dóthain aeir sna boinn.
Deir tusa go ndeir an lámhleabhar go mba chóir go mbeadh brú 32 orlach aeir sna boinn.
Deir an Garda, dar leis an dlí go mba chóir go mbeadh 35 orlach aeir sna boinn.
Tá an bheirt ceart ach caithfidh duine éigin rialú eatarthu ionas go bhfuil uimhir amháin níos cruinne ná an ceann eile.
Ach tá difear ollmhór idir argóint idir 32 agus 35 orlach nuair a thuigeann muid go bhfuil €13,000,000,000 fáth ann go mbeidh Apple ag lorg achomhairc ionas go ndéanfadh breithimh Chúirt Uachtarach na hEorpa rialú faoin gcáin a dhíol, nó nár dhíol, Apple.
Mar ata ráite ag ceannasaí Apple, Tim Cook, chreid siad siúd go raibh an cháin cheart díolta acu.
Ach seo an casadh sa scéal:
Tá an-seans ann go mbeidh an Ríocht Aontaithe tar éis éalú trí dhoras na ‘Breatimeachta’ sula gcloisfear aon achomharc sa chás seo.
D’fhéadfadh sé sin a chiallú nach mbeidh breithimh le tuiscint dhomhain ar an dlí coitianta ag an AE.
Tá sé seo ag teastáil chun léirmhíniú a thabhairt d’aon chúirt ar thuiscint Rialtas na hÉireann ar cén fáth go maíonn siad nach ndearna Apple, agus an tír seo, aon rud mícheart.
Agus ní seo an t-aon chás ina bhféadfadh sé seo tarlú.
Aon uair a gcuirtear an dlí Eorpach i bhfeidhm ar an tír seo ní bheidh ann ach Málta (daonra 420,000 duine) a bheidh in ann breithimh a tógadh le cultúr an dlí choitinn a chur ar fáil don Chúirt Eorpach – ar ndóigh ní dóigh go bhféadfadh muid breitheamh dár gcuid féin a chur ar aghaidh chun breithiúnas a thabhairt orainn féin.
Is minic an t-úll a d’ith an phéist.
Sa chás seo tá Apple tar éis canna ollmhór péisteanna a oscailt a d’fheadfadh i bhfad níos mó ná Apple a ithe.