Gearóid Ó Muilleoir
Tháinig mé ar sheanghrianghraf galánta sa teach an tseachtain seo ina raibh mo dhá mhadadh dhílse ina seasadh amuigh ar an tsráid i mBaile Andarsan.
Thaispeáin mé do m’iníon é.
“Nach deas na madaí a bhí agam nuair a bhí mé óg?” a d’fhiafraigh mé di. “Ach amharc go géar ar ar an phictiúr, a stór. An bhfeiceann tú rud ar bith corr sa chúlra?”
Ghlac sé tamall, ach sa deireadh d’aithin sí an rud as áit. Bhí sé beag, agus mar a déarfadh an tAthair Dougal, i bhfad ar shiúl.
“An bosca poist!” ar sí. “Tá sé glas, bán is oráiste!”
Chuaigh mé thart ar an bhosca céanna inné agus bhí sé chomh dearg le gruaig an Phrionsa Harry. Agus is cuma le muintir na háite faoin dath atá air anois.
Tá i bhfad iomarca rudaí níos práinní ag cur buairimh orthu, macasamhail ag maireachtáil go dtí an Nollaig gan chuairt a chur ar shiopa an Pay Day Loan.
Le linn m’óige, bhí tábhacht le dathanna agus bratacha. Bhí an cogadh á throid le péint. Ní raibh cuaille solais – ná bosca poist – in iarthar na cathrach nach raibh dathanna na hÉireann air.
Ach tagann ciall le haois. Níl mórán bratacha le feiceáil sa lá atá inniu ann ar Bhóthar na bhFál, príomhbhóthar an náisiúnachais sa tuaisceart. D’aon turas a tharla seo.
Ghlac polaiteoirí agus gníomhaithe pobail cinneadh na bratacha a bhaint anuas le dhul i ngleic leis an teannas. Agus tharla an rud céanna ar an taobh eile den bhalla síochána.
Tá níos mó bratacha le feiceáil sna ceantracha Protastúnacha, ach is iad bratacha oifigiúla Shasana iad agus ní bratacha na bparaimíleatach.
Ar chúlsráideanna Bhéal Feirste, is céim mhór chun cinn é seo.
B’fhéidir go mbeadh na siombail bhagartha ag dul in airde arís i ndiaidh chinneadh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste bratach na Breataine a bhaint anuas.
Ach an bhfuil aon duine amuigh ansin nach n-aontódh gurbh amhlaidh is lú bratacha is amhlaidh is fearr muid?
Mar is léir go dtéann ceist na mbratacha go smior ionainn.
Nárbh í an bhratach bheag i Sráid Dhubhais a rinne Paisley iarracht greim a fháil uirthi i 1966 a chur tús leis na Trioblóidí?
Caithfear tabhairt fúthu go cáiréiseach, cinnte.
Ach tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar na heagraíochtaí deireanacha le dhul isteach in aois nua na hilchineálachta.
Gabhaimis siar chuig 1984 le ceacht na staire a fhoghlaim. An bhliain a rinne an tIRA iarracht rialtas na Breataine a mharú i mBrighton. An bhliain ina raibh sé ina chogadh dhearg idir poblachtánaigh, dílseoirí agus na Sasanaigh. Agus an bhliain inar athraigh Comhairle Cathrach Londain-Dhoire a hainm go Comhairle Cathrach Dhoire.
Shíl aontachtaithe ag an am gur díoladh amach iad gan trócaire agus go raibh a gcearta á sárú ag náisiúnaithe. Bhí siad ar daoraí faoi. Bhí scliúchais ann, bhí léirsithe ann mar a bhí i mBéal Feirste an tseachtain seo.
Ar feadh tamaillín.
Mar nuair atá cinneadh mar sin déanta, níl aon dul siar air.
Ní bheith Comhairle Cathrach Dhoire ina Londain-Dhoire go deo.
Agus is beag an baol go mbeadh na haontachtaithe ina dtromlach i mBéal Feirste agus bratach Shasana ag séideadh sa ghaoth gach lá sa bhliain amach anseo.
Ní dhéanann na hagóidí náireacha mar a chonaic muid Dé Luain ach dochar do lucht gnó agus lucht turasóireachta na cathrach in am an ghátair eacnamaíochta.
I dtaca le cosmhuintir na cathrach, bogfaidh siad ar aghaidh. Tá siad bogtha ar aghaidh cheana féin.
Tá i bhfad barraíocht rudaí eile acu le bheith imníoch faoi, amhail an mbeidh siad in ann bronntanais a chur faoin chrann dá gcuid páistí agus dinnéar a chur an an tábla Lá Nollag.
Ní suim leo bratach ar bith ach síocháin a bheith i réim ina gcathair cois cuain an Nollaig seo.
Agus ní suim leo cibé dath atá ar an bhosca poist ach Santaí an litir a fháil.