Athruithe, beaga, ann ó thuaidh

Athruithe, beaga, ann ó thuaidh

Ciarán Ó Pronntaigh

Tá comharthaí dóchais ann, go cinnte, taobh amuigh den ghnáthchasadh a chuirtear ar chúrsaí, go mbeidh comhaontú éigin ann ó thuaidh.

Bhuail an Taoiseach leis an Phríomh-aire, Dé Luain, mar aon leis an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire, agus thug sé le fios go raibh sé ag brath réiteach a bheith ann faoi dheireadh na seachtaine.

Tá an dá mhórpháirtí agus na rialtais ar an leathanach céanna sa deireadh, is cosúil.

Seans nach bhfuil na páirtithe eile, na hAontachtaithe Ultacha, an SDLP agus Páirtí an Chomhaontais, ar aon fhocal faoin chineál comhaontaithe a bheidh ann, ach is cuma.

Tá Mike Nesbitt ag tarraingt ról neamhoifigiúil an fhreasúra air féin agus tá an SDLP i mbun feachtas ceannasaíochta faoi láthair.

Ní hé nach raibh go leor ama ag na páirtithe na sínte fada a chur ar an cháipéis nó bhí.

Bhí chóir a bheith naoi seachtaine acu.

Ach, i ndeireadh na dála, tá gach rud á thiomáint ag an dá mhórpháirtí – mura n-aontaíonn siadsan leis an toradh, níl sé ag dul a oibriú ar chor ar bith.

Má amharcaimid siar chuig an dá cheist a d’fhógair an babhta deireanach de chainteanna – ceist an pharaimíleatachais agus na ciorruithe sa chóras leasa shoisialaigh – thiocfadh bheith measartha cinnte go mbeadh comhaontú éigin ann.

Bhí an oiread débhríochais sa tuairisc neamhspleách ar pharaimíleatachas a eisíodh roinnt seachtainí ó shin, go raibh an DUP ar ais san fheidhmeannas taobh istigh d’uair an chloig ó foilsíodh í.

Ghéill na hAontachtaithe Ultacha an t-aon suíochán a bhí acu ar an Fheidhmeannas ar an cheist seo ach níl aon mheicníocht ag dul a bheith ann, ní dóigh liom, le Sinn Féin a chaitheamh amach.

Seans go mbeidh forógra poiblí le déanamh ag gach páirtí, rud a dhéanfadh Sinn Féin le fonn ar ndóigh.

Ar cheist na gciorruithe, nó an leasú ar an chóras leasa shóisialaigh, más maith leat, is cosúil go mbeidh tuilleadh airgid don Fheidhmeannas sa chothromóid.

Tá caint ann faoi thograí a bhainfeas an ghoimh as an chuid is measa de na ciorruithe seo agus tuairiscítear go bhfuil dul chun cinn déanta ar an argóint go bhfuil na sé chontae faoin oiread sin de mhíbhuntáiste mar gheall ar na trioblóidí gur gá cás speisialta a dhéanamh díobh.

Agus ní ón treo amháin a bheidh an maoiniú ag teacht, de réir cosúlachta.

Rud spéisiúil a luadh ag an deireadh seachtaine go mbeadh an rialtas ó dheas ag cur airgead ar an tábla.

Níor séanadh sna tuairiscí go mbeadh airgead anois ag dul don A5, an bóthar ó Dhoire go hAchadh na Cloiche. Spéisiúil go maith.

An dtig linn smaoineamh ar chásanna eile mar seo?

Cúrsaí Gaeilge, b’fhéidir?

Togra trasteorann sna healaíona?

Ní mór dóibh bheith cruthaitheach.

Ach ní i bhfolús a tharla na cainteanna seo.

Choimisiúnaigh RTÉ agus an BBC suirbhé a craoladh ar chomhchlár thuaidh-theas an tseachtain seo a chuaigh thart.

Tuairimí faoi Éire Aontaithe sciar maith de na figiúirí ar an chlár agus rinneadh amach gur chaill muintir na tíre spéis san athaontú (rud nach raibh fíor nó dhá thrian de phobal na Poblachta a dúirt gur mhaith leo athaontú san fhadtéarma mar aon le giota níos lú ná trian ó thuaidh – sin móramh ar oileán na hÉireann, ach ní raibh an fhíric sin ag teacht le téama an chláir).

Rud ar cuireadh suntas ann, agus oscailt súl a bhí ann, go cinnte, do choimeádaithe ach go háirithe, go raibh an dá chuid den tír chomh liobrálach lena chéile ar cheisteanna amhail pósadh lánúineacha aon-insce, ginmhilleadh agus pósadh lánúineacha nach raibh den chine nó den chreideamh chéanna.

Dá mbeadh na craoltóirí ag iarraidh chás an athaontaithe a chur, bhí ag éirí leo a thaispeáint nach bhfuil na difríochtaí eadrainn chomh mór agus a síleadh.

Is annamh a mholtar ár gcuid polaiteoirí ach measaim gur chóir dúinn, ar a laghad, tuigmheáil éigin a bheith againn ar an rud atá siad a dhéanamh.

Náisiúnaithe agus Aontachtaithe ina suí thart ar an tábla ag iarraidh teacht ar chomhréiteach agus ansin ag dul amach agus an margadh a dhíol lena lucht leanúna.

Níl sin furasta.

Agus tá daoine ag iarraidh bréan den anonn is anall a bhí ag dul ar aghaidh le blianta fada.

Tá rudaí ag athrú, áfach, fiú sa DUP.

Bhí alt thar a bheith réadúil ag Gregory Campbell ar an Newsletter maidin Dé Luain.

D’aithin sé nach bhfuil de rogha ann ach an córas roinnte cumhachta mar atá againn anois nó na hAontachtaithe éirí as agus an rialtas ó dheas a bheith i mbun cúrsaí in éineacht le Rialtas na Breataine.

Níor shíl mé riamh gurb é Gregory a bheadh mar chrann seasta na réasúntachta.

Nó an amhlaidh go bhfuil sé ag cuimhneamh ar an tréimhse iar-Robinsonach, tréimhse nach bhfuil chomh fada uainn, déarfainn?

Close
Close