Diúltaíodh d’iarratas san Ardchúirt inné athrú a dhéanamh ar pholasaí sráidainmneacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.
Thug Eileen Reid athbhreithniú breithiúnach i gcoinne na Comhairle Cathrach siocair gur dhiúltaigh siad d’iarratas ar shráidainm dátheangach in ainneoin móramh vótála a bheith ar a son.
I gCéide Bhaile Uí Mhurchú, chaith 52 as 53 duine vóta ar son comhartha a athrú; duine amháin a vótáil ina choinne. 92 duine uilig go léir a bhí i dteideal vótála.
Ní mór dhá thrian de chónaitheoirí sráide vótá ar son athrú comhartha agus, faoi pholasaí reatha na Comhairle Cathrach, áirítear vótaí nach gcaitear mar vótaí i gcoinne an rúin.
“Is féidir leis an Ghaeilge achrann polaitiúil agus sóisiálta a chothú,” a dúirt an Breitheamh Mark Horner ina bhreithiúnas.
“Níl sé míréasúnta go gcinnteodh an Chomhairle go bhfuil cónaitheoirí sráide ina iomláine i bhfách le hathrú ainmsráide i dteanga eile,” arsa an Breitheamh.
Deir an Breitheamh nach raibh tionchar ag an Chairt um Theangacha Reigiúnacha nó Mionlaigh ar a chinneadh in ainneoin an Chairt a bheith glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.
“Ní féidir feidhm a bhaint as comhréitiú idirnáisiúnta nach bhfuil achtaithe inár ndlíthe intíre. Níor achtaíodh fóralacha na Cairte mar a rinneadh leis an Acht um Chearta Daonna 1998,” arsa an Breitheamh Horner.
The wording of the Charter is unclear, ambiguous and otiose… The Charter does not add anything to the courts view of the signage – Breithiúnas Mark Horner
Díomá léirithe sa phobal
Tá díomá léirithe ag gníomhaithe teanga faoi chinneadh na hArdchúirte.
“Cúis frustrachais atá sa chinneadh seo,” arsa Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller.
“Tugann seo cead do Chomhairle léamh diúltach a bhaint as freagra nach bhfaightear ar chomhairliúchán i dtaca le cur in airde sráidainm Gaeilge,” dar léi.
Léirigh an Comhairleoir Niall Ó Donnghaile a dhíomá faoin bhreithiúnas fosta.
“Is é an rud a dhéanann an Ghaeilge polaitiúil gan comhionannas a thabhairt don teanga.
“Ní ghlacaim leis nach bhfuil ról ag an Chairt Eorpach sa cheist seo. Sílim gurb é 50% móide a haon an tslí is fearr leis an chóras seo a chur i bhfeidhm.
“Ba é an Breitheamh féin a dúirt go dtiocfadh leis seo a bheith achrannach. Is dearcadh seán-nósach é sin agus tá dualgas orainne mar Ghaeilgeoirí an sean-naimheadachas agus diúltachas sin a scrios,” a dúirt an Comhairleoir Ó Donnghaile.
B’iad an t-eagras pobail Glór na Móna a chuaigh i mbun stócaireachta chun go nglacfaí le hainm Gaeilge ‘Ballymurphy Drive’ mar theideal na sráide.
Tuigtear do Meon Eile go bhfuil sé ar intinn ag Glór na Móna athrú ainm na sráide a chur os comhair cónaitheoirí sráide in athuair sa bhliain úr.
Cúlra an pholasaí i mBéal Feirste
Chuir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a bpolasaí i leith sráidainmneacha dátheangacha i bhfeidhm sa bhliain 1998.
Ceadaíodh 144 óna 180 iarratas a rinneadh ar shráidainmneacha dátheangacha i mBéal Feirste idir 1998 agus 2013.
Diúltaíodh le 34 iarratas siocair nár léiríodh dóthain tacaíochta nuair a dáileadh achainní ar an phobal.
Má theastaíonn ó ghrúpa ainm dátheangach a chur ar shráid i mBéal Feirste, is gá dóibh achainní a dháileadh i measc cónaitheoirí sráide agus síniú a fháil ón tríú chuid de lucht na sráide.
Má ghlacann an tríú chuid leis an achainí, cuirtear an rún ansin ar chomhairliúchán poiblí.
Ag an stad seo, dáileoidh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ballóid agus clúdach réamhíoctha ar gach teach ar an tsráid áirithe. Tugtar tréimhse míosa do chónaitheoirí sráide a vóta a chaitheamh.
Is gá go seolfaí dhá thrian de na ballóidí ar ais ag léiriú tacaíochta d’athrú ainm na sráide.
Cad é faoi Chomhairlí eile sa Tuairsceart?
Tá polasaí dátheangach ag 14 as na 25 comhairlí i dTuaisceart na hÉireann. Is leor tacaíocht ó dhá thriain de na vótaí ar fad a chaitear de réir pholasaí Chomhairle an Iúir agus Mhúrn.
Is ionann polasaí Bhéal Feirste agus cinn i gComhairle an tSrátha Báin agus i gComhairle Baile an Chaisleáin Riabhaigh.
Cúlra an cháis chúirte i gCéide Bhaile Uí Mhurchú