Ardú tagtha ar líon na gcomharthaí sráide dátheangacha sa Tuaisceart - Tuairisc i gcomhar le The Detail

Inniu tá tuairisc speisialta ag Meon Eile i gcomhar le Luke Butterly ó The Detail faoin ardú atá tagtha ar an éileamh ar chomharthaí sráide dátheangacha fud fad an Tuaiscirt, rud atá ag cur le feiceálacht na Gaeilge dá réir.

Thig leat an tuairisc Bhéarla sin a léamh anseo.

Ó bhí 1949 ann go dtí 1995, bhí cosc oifigiúil dlí ar an Ghaeilge a bheith ar chomharthaíocht phoiblí ar bith ó thuaidh. Nuair a ritheadh aisghairm ar an dlí sin, áfach, bhí ar na comhairlí áitiúla polasaithe a dhéanamh maidir le comharthaíocht sráide dhátheangach a chur in airde, rud a d’fhág go raibh “difríocht shuntasach” ann maidir le cearta na nGael ó chomhairle go comhairle, dar le Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge nuair a labhair Meon Eile léi.

Is eagraíocht Ghaeilge é Conradh na Gaeilge a bhfuil baint láidir aige leis na comhairlí áitiúla le roinnt blianta anuas, go háirithe i dtaca leis na polasaithe comharthaíochta a neartú.

Suas go dtí an bhliain 2022, bhí ar chónaitheoirí i ngach comhairle dul ó dhoras go doras ar shráideanna s’acu agus achainí a bhailiú ó 33% den tsráid chun iarratais a chur isteach ar chomharthaí sráide dátheangacha. Ansin, bhí 66% de thacaíocht de dhíth ar an iarratas le comhartha a chur in airde. Dá mba rud é nár fhreagair duine ar bith, glacadh leis go raibh siad in éadan an iarratais.

D'inis Cuisle dúinn go raibh an polasaí seo thar a bheith sriantach agus míchothrom, go háirithe ó tharla gur mionteanga í an Ghaeilge, agus gur chuir sin as do dhaoine iarratas a dhéanamh. Tá an polasaí seo go fóill i bhfeidhm i roinnt mhaith de na comhairlí sa Tuaisceart.

Nuair a tháinig athrú ar an pholasaí seo i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste in 2022 go dtí polasaí atá níos inrochtana do chónaitheoirí, cuireadh breis agus 1000 iarratas isteach chuig an chomhairle taobh istigh de dhá bhliain, i gcomparáid le thart ar 100 iarratas sa tréimhse roimhe sin (1998-2022).

In amanna bíonn conspóid ag baint le comharthaí sráide dátheangacha, agus tá roinnt daoine den tuairim go ndéanann comharthaí Gaeilge imeaglú ar dhaoine ó chúlraí difriúla atá ina gcónaí sa cheantar, rud nach n-aontaíonn Cuisle leis: “ní sin an rud atá i gceist againn anseo, tá muid ag lorg cothromaíochta”.

Labhair Luke Butterly ó The Detail le cuid de na cónaitheoirí a chuir isteach ar chomharthaí sráide dátheangacha ar na mallaibh le tuairimí s’acu a bhailiú agus níos mó a fháil amach faoin tsuim atá ag fás sna comharthaí.

 

Close
Close