Bhí 25,000 duine i láthair ag Mórshiúl Náisiúnta na nGael i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn agus iad ag gníomhú ar cheithre mhórfhadhb i dtaca leis an Ghaeilge: maoiniú, oideachas, an ghéarchéim thithíochta sna ceantracha Gaeltachta agus cearta teanga.
In ainneoin na cúise dáiríre taobh thiar den lá mór, bhí díograis, bród agus féiniúlacht láidir le mothú timpeall na príomhchathrach ó Chearnóg Pharnell go Teach Laighean. Bhí idir scoileanna, theaghlaigh, mhic léinn, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, chlubanna CLG, pháirtithe polaitíochta agus cheardchumainn uilig i láthair chun siúl le chéile ar son na teanga agus pobal a labhartha.
Ba é seo an chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le breis agus deich mbliana agus an chéad ‘Lá Dearg’ ó 2022 i mBéal Feirste. I mí Feabhra na bliana seo, thosaigh iondaithe ó go leor eagraíochtaí Gaeilge as gach cearn den tír ag bailiú le chéile i ndiaidh ciorruithe €800,000 a bheith fógartha ag Foras na Gaeilge ar bhuiséad an eagrais do 2025. Ó shin i leith, d’oibrigh Conradh na Gaeilge in éineacht le eagraíochtaí pobail chun lá náisiúnta agóide mar seo a eagrú, agus is cinnte gur éirigh leis an sprioc sin.
Chríochnaigh an mórshiúl féin ag Teach Laighean, áit a raibh Síomha Ní Ruairc agus Hugh Carr mar Bhean agus Fear an Tí faoi seach. Ag labhairt ar stáitse, bhí dalta ó Choláiste de hÍde, Eibhlín Ní Bhraoin, Oifigeach Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, Rónán Ó hÍcí, Adhna Ní Bhraonáin ón bhfeachtas tithíochta Gaeltachta ‘BÁNÚ’, Príomhfheidhmeannach Menter Caerdydd sa Bhreatain Bheag, Heulyn Rees, agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.
Bhí ceoltóirí den scoth le cloisteáil ar an ardán chomh maith - Breandan O’Beaglaoich, Ispíní na hÉireann, Huartan, agus bean Oileán Thoraí, Niamh Ní Dhubhgáin, lena hamhrán úr ‘Ár dTalamh Féin’ a rinneadh i gcomhpháirt le TG Lurgan.
Bhí lúcháir ar Meon Eile a bheith i láthair ar an lá ríthábhachtach seo. Bhí an deis againn labhairt le roinnt daoine - dalta meánscoile as Corcaigh, Ben Ó Muiridhe; mac léinn de chuid Ollscoil na Gailimhe as Muineachán, Eoin Mac Cléire; Oifigeach Polasaí Oideachais le Gael Linn, Séamas Mac Eochaidh; Caoimhe Ní Mhaolaí as Craobh 1916, Conradh na Gaeilge; an t-amhránaí Niamh Ní Dhubhgáin; agus Bainisteoir Cumarsáide ó Thuaidh le Conradh na Gaeilge, Pádraig Ó Tiarnaigh.