Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016

Is i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana.

Chuir Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn tús leis an deireadh seachtaine oíche Aoine.

Thréaslaigh an tUachtarán le Conradh na Gaeilge as an fhód a sheasamh "go láidir ón am ar bunaíodh é go dtí an lá inniu” agus ghuigh sé gach rath ar an obair atá ar bun ag an eagraíocht sular sheol sé Seachtain na Gaeilge 2016 go hoifigiúil.

Reáchtáladh go leor imeachtaí éagsúla mar chuid den Ard-Fheis, ina measc bhí turais stairiúla, imeachtaí do theaghlaigh, ciorcail chomhrá agus bhí ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, Seo Linn, le cluintint ag ceolchoirm saor in aisce, amuigh faoin spéir i bPáirc Fhaiche Stiabhna.

Toghadh Cóilín Ó Cearbhaill ina Uachtarán ar an eagraíocht arís ar feadh bliana eile. Tá Cóilín ina bhall den Choiste Gnó agus de Bhuanchoiste an Chonartha agus tá sé ar Choiste Náisiúnta an Oireachtais.

Cuireadh 60 rún os comhair na dteachtaí a bhí i láthair maidin Dé Sathairn.

Ba ar chúrsaí Gaeltachta a dhírigh Seanán Mac Aoidh a chuid cainte, ar ball é den Choiste Gnó.

“Go n-aithníonn Conradh na Gaeilge go bhfuil éigeandáil teanga ann sa Ghaeltacht agus chuige sin go dtabharfaidh an Conradh tús áite do thograí i gceantair Ghaeltachta,” arsa sé.

“Fosta amach anseo, go n-eagrófar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gceantar Gaeltachta gach bliain.”

Glacadh leis an rún seo ar an bhunús go mbeidh an Ard-Fheis a reáchtáil i gceantar Gaeltachta amach anseo agus ní achan bhliain.

Ó tharla deireadh a chur leis an maolú ar stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach, tháinig moladh ó Dhaithí Ó Cárthaigh, Craobh na Ceithre Cúirteanna, deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge anseo in Éirinn.

I measc na rún, rinneadh plé ar an tábhacht a bhaineann le reachtaíocht na Gaeilge ó thuaidh. D’aontaigh an Ard-Fheis gur chóir gníomhú trí “stocaireacht”, "cúrsa dlí, “nó eile” le brú a chur ar an fheidhmeannas ’Straitéis na Gaeilge 2015-35’ a chur i bhfeidhm.

Glacadh le beagnach gach rún ach siocair go raibh 60 rún fad ann ní raibh go leor ama ann chun plé a dhéanamh orthu uilig, rud nár shásaigh gach a raibh i láthair.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, go mbeadh leigheas ar an scéal ar an bhliain seo chugainn.

Tá cead ag an Ard-Fheis leasú a dhéanamh ar Bhunreacht an Chonartha achan darna bliain.

Siocair nach raibh go leor ama chun plé a dhéanamh ar achan rún, rinneadh cinneadh leasú ar bith a raibh baint aige le Bunreacht an Chonartha a chur siar go dtí Ard-Fheis na bliana seo chugainn.

Ard Fheis Chonradh na Gaeilge

Beidh agallamh iomlán leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar an suíomh maidin amárach. Labhair an tUachtarán linn faoi chúrsaí teanga, faoi Chonradh na Gaeilge agus faoi shaoirse intinne.

Close
Close