Ciarán Dunbar
“Ach níl aon éadaí ar an Impire,” a ghlaoigh amach páiste amháin, ag rá an rud a chonaic gach uile dhuine ach nach raibh aon fhonn orthu a rá amach os ard.
Is é sin ról an iriseora, nó le bheith níos cruinne, ról an cholúnaí.
Glaoch amach agus an rud atá soiléir do chách a léiriú, fiú nuair a bheas tú féin thíos leis, fiú nuair nach bhfuil sé faiseanta, fiú nach ndéanann sé aon chiall maidir le dul chun cinn i do phost. Dualgas atá ann dar liomsa, más soineanta an tuiscint chéanna.
Tamall ó shin, bhí oibreacha bóithre ar bun ar mo bhealach abhaile agus bhí orm bóthar eile a thógáil, bóthar a thóg mé go dtí an teorainn, ní an teorainn ‘idirnáisiúnta’ idir Chill Shléibhe agus Ó Méith ach an fhíor-theorainn, an ceann idir Éire na nIar-Ghael agus Éire Chlann na Plandála.
Is casta an scéal ná sin go cinnte ach rinneadh é a shimpliú thar na blianta go dtí an pointe seo ina santaíonn daoine lipéid shimplí a choinníonn go leor staire faoi cheilt.
Thiocfadh liom na lipéid ‘Caitliceach’ agus ‘Protastúnach’ a úsáid – ach tá laigeachtaí ag an dá théarma sin chomh maith i saol na linne seo.
Cibé ar bith, fuair mé amach go raibh an leagan Gaeilge scriosta amach ar na comharthaí ainmneacha-bóithre áirithe ar an bhealach seo – ar mhodh cúramach eagraithe.
Ní bhíonn aon Ghaeilge ar chomharthaí i gceantar Aontachtach ar bith ó thuaidh ach mar a dúirt ba é seo dúiche ina mbíonn an dá phobal ina gcónaí i bhfogas dá chéile gan aon fhadbh den chuid is mó.
Gráin, éadulaingt, loitiméireacht, sin na focail as a mbainfinn úsáid chun cur síos a dhéanamh ar an ghníomh chéanna – cé gur maith is eol dom go gcuirfeadh lucht na scuaibe sin síos air mar throid i gcoinne na rudaí céanna.
An ghráin, éadulaingt agus loitiméireacht chéanna a chonaic muid i dTír Chonaill le tamall anuas le dó dhá halla de chuid an Oird Bhuí.
Ach an gcluinfidh tú focal ó pholaiteoirí daonlathacha aontachtacha ag cáineadh na neamhdhleathachta seo?
Is beag an baol, agus má chluintear beidh ‘ACH’ mór ann sa ráiteas.
Ar an drochuair, tá gráin ag an aontachas don Ghaeilge, níl aon léamh eile ar an scéal. Tá a fhios sin ag gach duine ach níl mórán fonn orainn é a lua.
Sea, a deir roinnt léitheoirí, ach is ar Shinn Féin atá an locht don fhuath seo – iad ag brú na Gaeilge orthu.
Déanta na fírinne, is ar éigean go gcáineann aon Ghaeilgeoir ó thuaidh Sinn Féin as a bheith ag brú na Gaeilge ar dhuine ar bith – cáintear Sinn Féin as gan a bheith díograiseach go leor ag brú na Gaeilge chun cinn, go háirithe taobh istigh den pháirtí féin agus ar cheist an Ghaeloideachais.
Ar an drochuair, tá frith-Ghaelachas fite fuaite tríd an aontachas sa Tuaisceart. Ba cheist mhór í sna toghcháin áitiúla anseo i nDeisceart an Dúin mar shampla, polaiteoirí aontachtacha ag baint úsáid as bagairt na Gaeilge lena lucht vótála a fháil amach.
Ba ghnách liom an-chuid ama a chaitheamh ag iarraidh ar aontachtaithe éirí as an ghráin seo don teanga.
Chaith mé blianta is díograis ar an cheist seo is mé ar an ollscoil – tá an t-ádh orm gur bhuail mé le daoine óga a bhí sásta a bheith thar a bheith ionraic liom agus a chur in iúl dom – “tá tú ag cur amú do chuid ama.”
Mar a dúirt cailín amháin, “tá gráin againn don Ghaeilge mar tá eagla orainn roimpi mar ní thuigeann muid í, agus déanann sé strainséirí dínn ina dtír féin.”
Agus mar a dúirt stócach, “seo tír s’againne, ní bhaineann an cultúr sin linn, mar sin cuirfidh muid ina choinne.”
Bhí an dís sin ar na daoine is cairdiúla ar an cheist dála an scéil, chonaic mé mic léinn eile ar crith le fearg, dearg san aghaidh agus fear áirithe amháin a raibh cúr lena bhéal agus an Ghaeilge ‘á plé’.
Admhaím go raibh tionchar ag na daoine sin go léir ar mo smaointeoireacht, tionchar ró-mhór b’fhéidir.
Chonacthas dom gur mó a naimhdeas don Ghaeilge ná a naimhdeas don Chaitliceachas, do Phoblachtachas ná d’Éirinn Aontaithe fiú agus bhí siad sásta sin a chur in iúl dom go soiléir.
Agus an píosa seo a choincheapadh agam an tseachtain seo léigh mé píosa ar an ábhar seo ar Tuairisc.ie le Robert McMillen dar teideal “Ré nua don Ghaeilge i measc Aontachtaithe?”
Ach seo a dúirt an fo-cheannteideal, “Tá comharthaí áirithe ann go bhfuil dearcadh na bProtastúnach ó thuaidh i leith na Gaeilge ag athrú, dar le daoine atá ag plé leis an nGaeilge.”
Léiríonn sé seo cuid den mhearbhall atá orainn sa díospóireacht seo – an ionann Protastúnach agus Aontachtach? Ní i dtólamh ar ndóigh ach go cinnte, 90% den am is ionann an dá rud má tá muid ionraic linn féin.
Phreab líne amháin as an alt sin.
“Ach cad é faoi na polaiteoirí Aontachtacha? Measann Linda Ervine nach dtiocfaidh athrú ar bith ansin.”
Maith í Linda Ervine – freagra an-ionraic ar fad, chan aon pholaiteoir í. Bean í Linda Ervine atá ag obair go díograiseach agus go macánta leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail aontachtaigh agus a fuair an-chuid poiblíochta dá bharr.
Ach nach n-ardaíonn a freagra an cheist – an bhfuil airgead na Gaeilge á chaitheamh go ciallmhar mura bhfuil toradh ar an obair seo?
Is é sin le rá, mura bhfuil toradh dearfach ann do lucht labhartha na Gaeilge agus mura bhfuil aon athrú ag teacht ar dhearcadh frith-Ghaeilge pholaiteoirí Aontachtacha, an féidir a rá go bhfuil toradh éifeachtach ann?
Gach seachtain, faighim rphost ag cur in iúl dom go bhfuil caint ann áit éigin ar ‘Phrotastúnaigh agus an Ghaeilge’.
Anois, tá meas agam ar na daoine a dhéanann an obair seo, ardmheas go deimhin.
Déanann an baicle beag Gael seo, fíorGhaeil, an-saothar ar fad ag léiriú chastacht an scéil agus stair cheilte na Gaeilge don phobal.
Ach abair liom, cén uair a bhfaighfidh mé rphost ag fógairt cainte ar ‘Aontachtaithe agus an Ghaeilge’?
Cuireann na meáin Ghaeilge an-spéis i ngach cor is casadh maidir le ‘Protastúnaigh agus an Ghaeilge’ agus sinn ag iarraidh scéal difriúil a insint.
An bhfuil dallamhallóg á cur ar an phobal áfach, an bhfuil muid ag cur in iúl do dhaoine go bhfuil rud ag dul i bhfeabhas maidir le dearcadh na nAontachtaithe i leith na Gaeilge nuair nach fíor sin ar chor ar bith?
Tá an íomhá á cruthú sna meáin Bhéarla gurb é seo an cineál oibre a ba chóir go mbeadh gluaiseacht na Gaeilge ag díriú isteach air thar aon rud eile, “rudaí a thugann daoine le chéile,” seachas rudaí “a scarann óna chéile sinn,” ar nós cearta teanga, scoileanna agus comharthaíochta.
Agus níl mé ag iarraidh cur isteach ar an choisir ach tá ceist agam – cá bhfuil dúshlán á thabhairt don bhiogóideachas is don éadulaingt chultúrtha agus an bhfuil an dearcadh á chothú gur sinne, lucht na Gaeilge, atá freagrach as sa chéad dul síos agus atá freagrach as é a réiteach chomh maith?
Agus muid i gcónaí ag iarraidh an teanga a dhíol le hAontachtaithe gan toradh, mar atá admhaithe, mar a léiríonn spléachadh ar ráitis na bpáirtithe agus mar a léiríonn an scrios ar na comharthaí, nach bhfuil muid ag dearbhú insint s’acu ar an scéal, gur orainn atá an locht?
Bhí muid “á iarraidh” agus muid ag éileamh Gaeilge ar na comharthaí sa chéad dul síos?
Cad chuige a bhfuil sé orainn an teanga a dhíol i gcónaí, nach bhfuil daoine freagrach as éadulaingt s’acu féin?
Cén maitheas a dhéanann an Siondróm Stócólm seo do chás na teanga seo san fhadtéarma a fhiafraím díom féin?
Nach bhfuil sé in am dúshlán a thabhairt don taobh seo den aontachas seachas a bheith ag impí orthu glacadh linn?
Nár chóir don síoladóir ár síolta gann a chur ar an talamh maith seachas iad a chaitheamh ar na carraigeacha?
Is iomaí ceist atá agam ach cha dtigidh liom ach ceann amháin acu a fhreagairt.
An bhfuil mé ag súil go n-éireoidh polaitíocht Aontachtach as naimhdeas don Ghaeilge choíche?
Tá an-bhrón orm as an tuairim seo a léiriú ach chan fheil, ní fhaca mé aon fhianaise riamh ann gur féidir a leithéid fiú, sílim go bhfuil an t-impire sin lomnocht.