Dónall Mac Giolla Chóill
Bhí cúpla orlach sneachta againn. Bhí cúpla lá fuar againn.
Mí Eanáir a bhí ann, agus tháinig deireadh leis an tsaol.
Nó sin a shamhlófá agus tú ag éisteacht le daoine.
Lár na míosa seo bhí cúpla lá ann mar a bheifeá ag súil leo sa gheimhreadh (agus tá leid le fáil san ainm atá ar an séasúr seo, i. An Geimhreadh)
Ceart go leor, bhí se níb fhuaire ná mar is gnáth, ach ní raibh sé chomh fuar sin.
Bhí sé fuar go leor le bac a chur le cúpla léirsiú, agus cúlbhóithre a fhágail faoi leac oighir, sin an meid sa mhéid is mó.
Ach ab é gurbh ionann liomsa thú agus go mbíonn tú ag brath ar na cosa tú a thabhairt thart, agus na cosáin mar a bheadh gloinne ann, ní bheadh bac ort, bhí na príomhbhoithre glan go leor agus níor luigh an sneachta mórán.
Ach i nGleann Ghormlaithe, bhí scéal ann. Tugtar le fios dom go bhfuil micrea-aeráid dá gcuid féin acu thuas ansin agus nárbh ionann iad agus an chuid eile den domhain.
Cá bith, ceann de na fathanna go gcuireann an aimsir isteach orainn, nó go bhfuil muid chomh mí-eagraithe sin ar bhealach amháin, agus chomh tógtha leis an aimsir ar bhealach eile.
Le linn an Oll-Sioctha i ngeimhreadh 2009-2010 bhí na seirbhísí go léir faoi bhrú, agus gan mhoill bhí géarchéim salainn ann – ní raibh go leor sa stóras leis na bóithre a shailleadh.
Bhí seo ní ba mheasa faoin tuath agus bhí Dún na nGall féin a bheag ná a mhór fágtha ar feadh seal measartha ar an ghannchuid.
Shílfeá leis an teicneolaíocht uilig ata ar fáil sna laethanta seo agus an réamh-bhagairt a thig a fháil, go mbeadh na seirbhísí bóithre, na haerfoirt agus na córais iompair eile níos ullmhaithe le tabhairt faoi na géarchéimeanna gearrthréimhse seo, sula mbeidh siad ina ngéarchéimeanna.
Ach bliain i ndiaidh bliana cuireann an aimsir isteach ar an ghnáthshaol in Éirinn.
Cúpla ceallóg sneachta sa gheimhreadh, gach rud i mí-ord agus mí-eagar.
Teocht faoin reophointe, agus piobáin uisce ag reo agus ag pleascadh sna huile airde.
Dhá lá tirim gan fearthainn sa tsamhradh, cosc ar phiobáin solubtha uisce agus bagairt go bhfuil triomach ann agus deireadh an tsaoil ar na gaobhair.
Tá aeráid bhog againn don chuid is mó, aeráid mheasartha, ach má bhogann an mearcair sa teirmiméadar, beagán beag bealach amháin nó bealach eile, sin muid san fhaopach.
Le linn na laethanta fuara a bhí againn ar na mallaibh, bhí cúpla cara de mo chuid agus iad an-tógtha faoin teocht.
Dá mba rud é go dtitfeadh an teocht faoin reophointe cúpla lá as a chéile, bheadh íocaíochtaí breise á bhfáil acu, na ‘Cold Weather Payments’ mar a thugtar orthu.
Seo anois daoine a bhí ag guí go mbeadh sé fuar.
Is cuimhin liom le linn an rseaca i ‘09/’10 go raibh pinsineirí ag gearán, ar na seóanna raidió, iad ag tabhairt amach nach bhfuair said a gcuid íocaíochtaí.
Bhí siad ag glaoch ó dheisceart na Spáinne, áit a raibh siad ag cur futhú mar ex-pats.
Níor thuig siad cén fáth nach raibh an t-airgead ina gcuntais, bhí sé faoin reophointe, is cuma sa tsioc go raibh sé níos teo acu sa gheimhreadh ná mar a bhí an lá is fearr le linn samhradh s’againne.
Mar fhocal scoir, i mo bharúil féin, tá an sneachta deas, san áit ceart: is é sin, ar chártaí Nollag agus i scannáin Frank Capra.