Is scéim de chuid Gael Linn í ‘Scoil Spreagtha’ a thacaíonn le bunscoileanna in earnáil an Bhéarla an Ghaeilge a theagasc. Tá an baol ann anois áfach go dtiocfaidh deireadh leis an scéim muna dtiocfar ar mhaoiniú roimh dheireadh na scoilbhliana seo.
Fuair an scéim maoiniú dhá bhliain mar scéim phíolótach agus leis bhíothas in ann Scoil Spreagtha a chur ar fáil do thart ar 15,000 dalta i níos ná 80 scoil ó thuaidh, agus sin fiú gan ball foirne lánaimseartha i mbun na scéime.
Agus an t-éileamh ar an scéim ag fás, níl an cur chuige reatha inbhuanaithe a thuilleadh agus tá acmhainní daonna cearta de dhíth leis an scéim a fhorbairt.
Labhair Meon Eile le Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. Tá an t-eagras trasteorann ag iarraidh cuidiú le Gael Linn maoiniú a fháil ó fhoinsí éagsúla ó thuaidh agus ó dheas. Dar le Pól gur scéim thar a bheith luachmhar í Scoil Spreagtha a chothaíonn pobal Gaeilge in áiteanna nach mbeadh an Ghaeilge iontu de gnáth.
Cuireann Scoil Spreagtha acmhainní teagaisc ar fáil le go mbeidh múinteoirí gan Gaeilge ar bith in ann an teanga a theagasc. Tá Bunscoil Naomh Brónach i gCaisleán Ruairí páirteach sa scéim agus thug Meon Eile cuairt orthu le buntáistí na scéime a fheiceáil.
Bíonn rang Gaeilge ag na páistí uair amháin gach seachtain ina mbíonn siad ag foghlaim Gaeilge trí dhóigheanna spraíúla ar nós cluichí agus amhrán.
De réir Phríomhoide na scoile, Jody Mussen, baineann na daltaí úsáid as frásaí agus focail Ghaeilge gach lá i ngach gné de shaol na scoile mar gheall ar Scoil Spreagtha, rud a chuireann an-bhród air. D’inis sé dúinn fosta gur trua ollmhór a bheadh ann dá dtiocfadh deireadh leis an scéim.
Labhair Meon Eile le beirt tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Bhunscoil Naomh Brónach faoi na buntáistí suntasacha a chonaic siad mar gheall ar an scéim. Dúirt Andrea Egan gur spreag iníon s’aici an teaghlach uilig níos mó Gaeilge a úsáid agus a fhoghlaim.
Is athair agus múinteoir Gaeilge i meánscoil é Séamas de Faoite agus labhair sé linn faoin fhéinmhuinín agus faoin chaighdeán Gaeilge atá ag páistí s’aige anois de bharr na scéime. Lena chois sin, mar mhúinteoir Gaeilge, deir sé go gcuidíonn an scéim chun suim sa Ghaeilge a chothú sna daltaí óga agus dá bharr sin go mbíonn bunsraith foghlama acu cheana féin agus iad ag tosú ar an mheánscoil, rud atá iontach luachmhar ar fad.