An Pobal Vs Dalradian- Scéal Íochtaráin

Tá pobal beag tuaithe i Sléibhte Mhuintir Luinnigh (na Speiriní) ag tosú amach ar throid ollmhór le comhlacht mór mianadóireachta, mar atá, Dalradian.

Le cúpla seachtain anuas, tá an feachtas i gcoinne na mianadóireachta óir i gCorrach an Ailt ar an Chaisleán Glas, Contae Thír Eoghain, ag bailiú nirt le go leor grúpaí i ndiaidh diultú glacadh le deontais a tairiscíodh faoin chiste atá curtha ar bun ag an Chomhlacht Ceanadach, an ‘Tyrone Fund’.

I measc na ngrúpaí seo, tá an cumann CLG áitiúil, An Caisleán Glas GAC, mná Thír Eoghain, agus an cumann rothaíochta, Sperrin Wheelers.

Dúirt an grúpa rothaíochta Sperrin Wheelers ar leathanach Facebook an ghrúpa ‘Save Our Sperrins’; “(we) would be able to survive without such masked offers of funding” agus luaigh siad nach raibh siad ag tacú ar chor ar bith le Dalradian ná leis na pleananna atá acu mianadóireacht óir a dhéanamh sa cheantar.

Ó 2010 tá deontais ar luach £126,000 bronnta ar ghrúpaí pobail áitiúla ag an ‘Tyrone Fund’ de chuid Dalradian, ina measc mionbhus i nDroichead an Phlum agus Ionad Pobail i nGoirtín. Tá go leor cainte i measc an phobail áitiúil mar gheall ar an ‘charm offensive’ atá ar siúl ag an chomhlacht. Agus go dtí ar na mallaibh is cosúil go raibh ag éirí go maith leo.

Idir Márta agus Aibreán na bliana seo caite, rinne Dalradian suirbhé sa cheantar inar cuireadh ceistneoir chuig 608 teach. Léirigh na torthaí go raibh 93% dóibh siúd a d’fhreagair i bhfách leis, nó neodrach maidir leis, an tionscadal.

Ach is cinnte go bhfuil athrú suntasach ar chúrsaí anois.

Roimh an Nollaig, d’eagraigh an grúpa Save Our Sperrins cruinniú maidir leis na pleananna atá ag Dalradian, cruinniú nár fhreastail níos mó ná 25 duine air. Ní raibh aon pháirtithe polaitiúla i láthair ag an chruinniú. Cúpla seachtain ó shin, bhí idir 450 agus 500 ag cruinniú leis an cheist a phlé.

Siar in 2014 chuir Arlene Foster – a bhí mar Aire Fiontair, Trádála agus Infheistíochta ag an am – fáilte mhór chroíúil roimh an chomhlacht. Bhí an Feisire Parlaiminte Pat Doherty (SF) dearfach i leith an tionscadail chomh maith, cé go raibh sé níos cúramaí fá dtaobh de.

Ag an am sin, shocraigh an tAire Timpeallachta Mark H. Durkan (SDLP) go raibh an tionchar timpeallachta chomh híseal sin nach raibh gá le ráiteas timpeallachta faoin togra.

Nuair a labhair mé leis na páirtithe an tseachtain seo, dúirt Sinn Féin go raibh siad ag tacú go hiomlán leis an ghrúpa atá ag cur i gcoinne an mhianaigh, ach go gcaithfear a bheith cúramach mar gheall go bhfuil daoine áitiúla ag obair ann.

Dúirt an SDLP go gcaithfear monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar an tionscadal, chomh maith le rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas.

Dúirt an DUP go raibh siad i dteagmháil le daoine atá iontach buartha faoin rud, go háirithe faoi cheist na ciainíde.

Tá mé go fóill ag fanacht ar fhreagra ón UUP.

Is é an Páirtí Glas an t-aon páirtí a chuir in éadan an togra ón tús, go bhfios dom.

Is í cheist na ciainíde is mó atá i ndiaidh aird an phobail a tharraingt ar an tioscnamh le roinnt seachtainí anuas. Chinntigh Dalradian coicís ó shin go bhfuil beartaithe acu an ceimiceán, atá iontach nimhiúil, a úsáid ag monarcha phróiseála ina mbainfear an t-ór den mhian. Bheadh an mhonarcha lonnaithe 1200m ón bhunscoil agus cóngarach don fo-chumann CLG agus don eaglais.

Ar a bharr sin uilig tá gach taobh istigh d’áit atá aitheanta go hoifigiúil mar Limistéar Sáráilleachta Nádúrtha.

Tá an taiscéalaíocht faoi thalamh ag dul ar aghaidh ó 2014, agus go dtí seo tá £50 milliún caite ar an tionscadal, dar le hurlabhraí Dalradian.

Tá 55 duine fostaithe go díreach ag Dalradian, 54% acu as Contae Thír Eoghain.

Maidir leis an chiainíd, dúirt siad go bhfuil sí tionscalchaighdeánach, rialaithe go dian, agus in úsáid choitianta ní amháin i bpróiseáil óir, ach i próisis eile thionsclaíochta, amháil plaisteach, bia agus smideadh.

Níor luaigh an t-urlabhraí go dtiocfadh le Dalradian suas le £3.3 billiún a dhéanamh as an ór, dar le halt le Bloomberg Business anuraidh.

Ní amháin sin, ach tá infheistíocht de £326,000 déanta ag Invest NI sa tionscadal go dtí seo, agus tá ar a laghad £170,000 caite ag an PSNI ar bhearta slandála don suíomh príobháideach.

Tá sé deacair an figiúr ceart a mheas mar gheall nach scaoilfidh na péas leis an eolas cruinn de dheasca “ghníomhaíochtaí Poblachtacha Easaontacha”.

Dar leis an phobal áitiúil nach leithscéal sásúil é sin.

Ná lig don ainm breá Gaelach an dallamullóg a chur ort maidir leis an chomhlacht agus na pleananna atá acu.

Tá meaisín mór bolscaireachta taobh thiar díobh.

Ní as an Chaisleán Glas mé féin, ach an paróiste bhéal dorais. Tá go leor ama caite agam sa pharóiste ag cluichí peile, imeachtaí Gaeilge agus Scéimeanna Samhraidh áfach agus chuir sé gliondar ar mo chroí i gcónaí an spiorad pobail atá le brath san áit a fheiceáil, rud a mhothaigh mé i gcónaí a bhí in easnamh i mo pharóiste féin.

Cuirfidh mé mar seo é, bheadh sé crua ar aon ollchomhlacht dul sa bhearna bhaoil leo.

Close
Close