An mbraitheann tú slán faoin phróiseas síochána?

An mbraitheann tú slán faoin phróiseas síochána?

Inné ar Meon Eile, bhí físeán againn ón Lá Dearg i mBéal Feirste inar léirigh breis agus 6,000 Gael a gcuid míshástachta leis na seirbhísí atá ar fáil dóibh.

Tá míshástacht le sonrú i measc sciartha eile den phobal chomh maith – tá roinnt aontachtóirí míshásta mar gheall ar ‘chogadh cultúrtha’ agus an deighilt idir torthaí sna scoileanna Caitliceacha agus scoileanna Protastúnacha.

Is léir nach bhfuil roinnt daoine sásta le dul chun cinn atá déanta ag Feidhmeannas Stormont. Cén tionchar atá ag na ceisteanna sóisialta seo ar réiteach na síochana ó thuaidh?

Rinne muid an mhéid seo a fhiosrú i measc Gaeilgeoirí Bhéal Feirste…

Close
Close