An Ionann Dópáil agus Drugaí?

An Ionann Dópáil agus Drugaí?
Drugaí
Drugaí

Scott de Buitléir

Tháinig scéal saghas aisteach ar ais chun na nuachta le déanaí, nuair a cuireadh tús le hiniúchadh ar bhás fir óig thall i Sasana.

Fuair Tom Maynard, imreoir tallannach cricéide a bhí 23 bliain d’aois, bás agus é ag teitheadh ó na póilíní i Londain i mí Meithimh anuraidh.

Nuair a rinne siad iarracht é a stopadh ar an mbóthar agus é ag tiomáint i ndiaidh oíche amuigh, léim sé amach as a ghluaisteán agus d’éalaigh sé uathu.

Uair an chloig níos déanaí, aimsíodh é ar rianta iarnróid, buailte le traen agus leictreamharaithe.

I ndiaidh an scrúdaithe bháis, fuarthas alcóil, eacstais agus cócaon ina chorp.

De réir scrúdaithe ar a chuid gruaige, bhí sé ag glacadh cócaoin thar na trí seachtainí ba dhéanaí sula bhfuair sé bás.

Bás tragóideach a bhí ann, dár ndóigh, ach d’éirigh le bás Maynard ceist na ndrugaí i spóirt a chur os comhair an phobail ar shlí nach féidir a shéanadh – go háirithe agus é chomh hóg sin nuair a maraíodh é.

Séard atá scanrúil ná gur fadhb í seo atá níos leithne ná mar ba mhaith linn a admháil.

Ar shlí, tá difear beag idir dópáil agus drugaí a ghlacadh i gcomhair ‘spraoi’ (úsáidim an téarma sin le roinnt soiniciúlachta).

Is féidir a rá go nglactar drugaí i spórt chun feabhas a chur ar d’am is fearr, d’áit sa chéad rás eile agus cén sórt boinn a bhainfear amach.

Más láidir luach na n-aidhmeanna siúd i do chloigeann, b’fhéidir gur sothuigthe na cúiseanna chun dópáil a dhéanamh, cé nach ceart é.

Mar sin féin, tá agallamh Oprah Winfrey le Lance Armstrong tar éis cultúr leathan dópála a nochtadh os comhair an domhain.

Ina dhiaidh sin, d’admhaigh an rothaí Michael Rasmussen gur ghlac sé “ábhair mhídhleathacha” le linn a 12 bliain den rothaíocht ar son na Danmhairge.

Agus cás Oscar Pistorius ar siúl san Afraic Theas, fuarthas amach go raibh drugaí ina theach nuair a bhí póilíní á chuardach.

Níl iontu sin ach roinnt de na scéalta a tháinig chun solais le déanaí, roinnt dóibh a tharla mar gheall – go príomha – ar agallamh Armstrong.

Ní ábhar nuachta é go bhfuil drugaí áirithe ar nós cócaoin cáiliúil i measc an phobail – nó, i measc na ndaoine a bhfuil an t-airgead acu lena cheannach.

Ach i ndiaidh na conspóide uilig thar lear, an mbeidh orainn súil ghéar a chaitheamh ar ár lucht spóirt féin?

Níl an cricéad chomh mór sin in Éirinn is atá sé i Sasana, ach cá mhéad imreoir rugbaí, mar shampla, a ghlacann le cócaon nó ábhair eile?

An bhfuil mórán réaltaí aclaíochta ar son haisis a chaitheamh?

Ar an taobh eile de, ar cheart go mbeadh saoirse acu a rogha ruda a dhéanamh, gan bhreithiúnas na súile poiblí?

Seo an cogadh síoraí idir an príobháideachas agus an clú; éiríonn le beagnach gach lúthchleasaí ina eiseamláir do dhuine éigin, agus tagann freagracht leis an ról sin.

Ach tá saol príobháideach ag gach eiseamláir, agus cead acu chuige sin.

Conas a bhaintear meá amach, mar sin? Ar chóir súil chaoch a chaitheamh?

Is í sin ceist lárnach na cáile.

Bíonn grá ag na daoine seo don spórt a imríonn siad, agus níl sé ar intinn acu a bheith faoin spotsholas ón dtús.

An féidir leat gach imreoir de chuid Shamrock Rovers, Uladh nó eile a lua?

Más féidir, seans maith nár fhoghlaim tú fúthu ar leathanaigh Hello Magazine nó ar Facebook. Is beag an méid a éiríonn le bheith ina bhfíor-celebs; Brian O’Driscoll, Bernard Brogan, Robbie Keane agus beagán eile.

Séard atá difriúil faoi Tom Maynard ná nach cás tipiciúil é seo.

Níl muid ag caint faoi imreoir sacair, spórt atá fite fuaite le saol faoi thalamh – níorbh fhicsean iomlán é scéal Footballer’s Wives, mar shampla.

Ach is í an fhoinse iontais faoin scéal seo ná stádas na cricéide mar spórt na n-uasal – na seanuasal, de ghnáth.

Ní hí sin an fhírinne a thuilleadh, agus is rísholéir é sin anois le bás Maynard.

Tá cumainn aclaíochta dhifiriúla tar éis gealltanas a fhógairt chun stop a chur le dópáil sa spórt, ach céard faoi dhrugaí sóisialta?

An bhfuil freagracht ar na cumainn siúd troid in aghaidh na ndrugaí uilig, nó na cinn a chuireann feabhas bréagach ar aclaíocht a gcuid lúthchleasaí?

Ar chóir dúinne, mar phobal, teacht le chéile le troid in aghaidh na faidhbe seo?

Nó, b’fhéidir gur chóir dúinn glacadh leis an tuairim nach ndéanann drugaí an dochar, ach na dlíthe ina gcoinne.

Pé taobh lena dtacaíonn tú, is cosúil go bhfuil an rás i ndiaidh tosnú.

Close
Close