An-imní ar Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt

An-imní ar Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt

Ciarán Dunbar

Tá scaoll ar phobail Ghaeilge an Tuaiscirt agus an Aireacht Oideachais agus an Aireacht Pobail anois faoi smacht ag an DUP a scríobhann Ciarán Dunbar

‘Díomá agus Frustrachas’, b’shin freagairt Chonradh na Gaeilge tar éis nár roghnaigh Sinn Féin an Aireacht Pobal nó an Aireacht Oideachais a ghlacadh nuair a dáileadh na haireachtaí idir an DUP agus Sinn Féin.

Tá an dá aireacht sin faoi smacht ag an DUP agus tá gealltanais tugtha acu dá gcuid lucht tacaíochta go bhfuil siad chun dul i ngleic leis an dóigh “míchothrom” a raibh Sinn Féin ag plé le Gaelscolaíocht go háirithe.

Dar leis an Chonradh, is “bagairt d’fhorbairt agus do chosaint na Gaeilge ó thuaidh” é seo agus tá cruinnithe éigeandála á lorg acu le Sinn Féin agus an DUP.

Dar leis an Chonradh tá “tarraingt siar déanta ar chuid de ghealltanais réamh-thoghcháin” a tugadh nuair a shínigh ionadaithe ó Shinn Féin agus an SDLP gur aontaigh siad le héilimh an Chonartha.

Ina measc siúd bhí geall ann, nach ligfidís, dá mbeadh neart acu air, oideachas agus pobal titim faoi smacht an DUP.

Ach shocraigh an SDLP gur fearr leo a bheith ina bhfreasúra agus níor roghnaigh Sinn Féin ceachtar acu.

Mar sin, tá an blár catha cultúrtha tréigthe ag na páirtithe náisiúnacha agus tá cúrsaí Gaeilge, agus oideachas trí mheán na Gaeilge, ag an leibhéal oifigiúil sa Tuaisceart faoi smacht iomlán ag an DUP – páirtí nach bhfuil báúil di in aon chor.

Tá ráiteas eisithe ag Declan Kearney ó Shinn Féin ó shin, as Béarla, agus nach ndéanann tagairt don chinneadh gan an dá roinn a ghlacadh nó an gealltanas a tugadh don Chonradh:

“Sinn Féin is committed to the promotion and development of the Irish language.

“The Irish language belongs to all of our people.

“The growth of the Irish Medium Education sector has been one of the biggest success stories in recent years under successive Sinn Féin education ministers.

“We now have more than 6,000 children and young people being educated through Irish, including at two meánscoileanna across the North.

“We will continue to campaign for an Irish Language Act to protect the rights of the Irish language community.”

Ba é Declan Kearney a d’eisigh ráiteas réamh-toghcháin ag tacú le héilimh an Chonartha:

Mr Kearney announced that the party would be supporting measures published by Conradh na Gaeilge recently regarding additional funding for the language and the call for Ministers in government who are sympathetic to the Irish Language.

“Conradh na Gaeilge is to be commended for the launching #GaelVóta and I am happy to say Sinn Féin will be supporting the campaign measures.”

Tá fearg agus imní léirithe ag Gaeilgeoirí liom maidir leis na forbairtí seo. Gach duine a labhair mé leo, chreid siad go raibh ré dhorcha i ndán don teanga is do Ghaeilgeoirí.

Dúirt gníomhaire amháin liom gur mhothaigh sé go raibh lucht na Gaeilge gafa in “pincer movement.”

Tá faitíos le mothú maidir le todhchaí na Gaelscolaíochta go háirithe agus Peter Weir ina Aire Oideachas – sean-namhaid na Gaeilge é an tAire Weir agus tá ráitis curtha amach le tamall anuas ag ionsaí an dóigh a raibh Sinn Féin ag plé leis an Ghaelscolaíocht.

Dar leis go raibh an Ghaeilge “on a pedestal” ag an iar-Aire, John O’Dowd ó Shinn Féin.

Mar sin féin, dúirt sé Dé hAoine, “I will treat all cases and sectors equally and without favouritism.”

Ach ní amháin go bhfuil an Ghaelscolaíocht faoi chosaint dlí, tá dualgas ar leith ar an Roinn Oideachais í a chur chun cinn.

Mar abhcóide tuigeann Peter Weir sin go maith, ach mar sin féin, thiocfadh leis neamhaird a dhéanamh ar an Ordú Oideachais 1998 agus feiceáil cad a tharlóidh.

Ní aontaíonn sé leis an ordú sin, ach ní bheidh sé ábalta a dhath a dhéanamh faoi mar go mbeadh náisiúnaithe ábalta bac a chur ar aon athrú le ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’.

Beidh sé ábalta moill a chur ar fhorbairtí nua nó iad a stopadh go hiomlán – agus gach seans go gcaillfear scoil nó dhó ach ní bheidh sé ábalta iad ar fad a dhúnadh nó a dhath chomh radacach le sin.

Ach beidh air “toradh” nó dhó a fháil dá chuid lucht tacaíochta.

Is é Paul Given ón DUP an tAire Pobal, titeann dualgais chultúir agus cothromais faoina réimeas. Beidh le feiceáil an mbeidh impleachtaí aige seo ar mhaoiniú don Fhoras Teanga tras-teorainn.

Arís, ar an ábhar go bhfuil Foras na Gaeilge “pósta” leis an Boord a’ Ulster Scotch, seans go bhfuil cosaint éigin ann – ach amháin má tá an DUP sásta neamhaird a dhéanamh ar an chultúr Albanach-Uladh chun dochar a dhéanamh don Ghaeilge?

Tá an chumhacht i lámha an DUP anois (ní nach ionadh, d’éirigh go maith leo sa toghchán, thit an vóta náisiúnach), beidh le feiceáil cad a shocróidh siad a dhéanamh leis.

Dá dtosódh siad ‘cogadh cultúrtha’ nua áfach, an mbeidh Sinn Féin sásta nó ábalta neamhaird a dhéanamh ar sin agus leanúint ar aghaidh san fheidhmeannas?

Nó, an bhfuil socrú éigin déanta acu le chéile? Is maith an scéalaí an aimsir.

Anailís

Cén fáth ar roghnaigh Sinn Féin dul sa treo seo – Is deacair an straitéis a thuiscint, go háirithe nuair a chuireann sé isteach ar roinnt mhaith de lucht tacaíochta an pháirtí.

Seans gur thréig barraíocht Gaeilgeoirí Shinn Féin thar na blianta?

Seans go bhfuil a sáith acu le héilimh na nGaeilgeoirí?

Seans gur shíl siad nárbh fhéidir leo a dhath eile a dhéanamh?

I ndeireadh na dála, tháinig an-fhás ar Ghaelscolaíocht le blianta anuas agus ní féidir Acht Gaeilge i láthair na huaire mar gheall ar chúrsaí déimeagrafaíochta – cé go bhfuil sé ráite ag an Aire Airgeadais Nua, Máirtín Ó Muilleoir go mbeidh Acht Gaeilge ann, ach ní fios dó cén uair.

Nó an é gur shíl siad nach bhfuil aon vótaí ann mar gheall ar an Ghaeilge, bealach amháin nó eile?

Is suimiúil nár chuir na meáin Bhéarla mórán spéise i gceist na teanga agus iad i mbun anailíse ar an fheidhmeannas nua, cé gur dhúirt an tráchtaire aontachtach, Alex Kane, liom ar Twitter go raibh iontas air gur roghnaigh Sinn Féin na haireachtaí a roghnaigh siad.

Caithfidh muid fanacht go sceithfidh níos mó eolais amach ó chruinnithe cumainn Shinn Féin an tseachtain seo chugainn chun tuiscint níos fearr a fháil ar réasúnú an pháirtí.

Is suimiúil an freagra a bhí ag Máirtín Ó Muilleoir do Chonradh na Gaeilge, ““Agus cad faoin SDLP a dhiúltaigh aon roinn a ghlacadh? Rud beag taighde le déanamh, a chairde.”

Rinne a chomhghleacaí, an Seanadóir Niall Ó Donnghaile an pointe, “Gael go smior ceaptha in Aire i mbun buiséad agus treoir caitheamh na rannaí eile? Níl sin ró-olc dar liom.”

Braitheann cuid mhaith ar cé chomh fada is a ghlacfaidh an DUP an cogadh cultúrtha.

Mar fhocal scoir – is é mo thuairim gurbh é Máirtín Ó Muilleoir an chéad Uachtarán eile ar Shinn Féin, agus go mbeidh athrú ar cheannaireacht an pháirtí níos luaithe ná mar a shíltear.

Close
Close