An Ghaeilge agus Comhaontú Aoine an Chéasta - 15 bliain ar aghaidh

I gColáiste Feirste an tseachtain seo sheol Joe McHugh, TD agus Cathaoirleach ar Chomhchoiste an Oireachtais um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta, foilseachán nua a chuir POBAL le chéile dar teideal ‘Cúig bliana déag ó Chomhaontu Aoine an Chéasta: An bhfuil na gealltanais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh?’

Tugadh le fios sa bhfoilseachán go raibh níos mó ná leath na ndaoine a cuireadh suirbhé orthu míshásta le staid na Gaeilge i láthair na huaire.

Deir siad freisin nár comhlíonadh an chuid is mó de na gealltanais a tugadh dóibh 15 bliain ó shin nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

Ag déanamh tagartha don ghealltanas a tugadh faoi, ‘gníomh diongbháilte chun an teanga a chur chun cinn’ – ní raibh ach 14.28% (20/140 duine) ‘Iontach sásta’ leis an méid atá déanta leis an teanga go dtí seo agus dhá oiread sin ‘Iontach míshásta’ le 30% (42/140 duine).

An Ghaeilge agus Comhaontú Aoine an Chéasta - 15 bliain ar aghaidh / Eoghan Ó Loideáin

Deirtear sa bhfoilseachán,

Céim stairiúil don Ghaeilge a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta. Don chéad uair riamh, tugadh gealltanais ar leith scríofa i leith an teanga. Foilsíodh iad i rannóg an doiciméid dar teideal, Cearta, Coimircí agus Comhionannas Deiseanna agus faoi fho-rannóg, Saincheisteanna Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir.

Deirtear freisin,

I leagan oifigiúil Béarla an doiciméid, litríodh go contráilte dhá fhocal as an t-aon trí fhocal Gaeilge sa téacs, ainm na teanga Ghaeilge san áireamh.

Tá an foilseachán le fáil ar líne ar shuíomh Pobal – www.pobal.org

Close
Close