Eoin Ó Murchú
Tráth dá raibh, bhí Éire ar fad ina Gaeltacht, agus bhí brí shimplí bhunúsach ag an bhfocal ‘Gaelachas’: bhain sé leis an gcultúr, an tsaíocht agus an tsibhialtacht choiteann a bhí ag na tuatha éagsúla a roinn an tír seo eatarthu féin.
Tharla ionraí éagsúla – Lochlannaigh, Normannaigh is eile – ach glacadh isteach sa nGaelachas iad gur thosaigh ríocht Shasana ag iarraidh an tír a chur faoi chois is lucht coilínigh a thabhairt isteach – as Sasana agus as Albain.
I ndiaidh a chéile rugadh comhphobal nua, Éireannach ag a raibh trí fhoinse, i bhfocail Wolfe Tone: Catholic, Protestant and Dissenter, nó bundúchasach Gaelach, Sasanach agus Albanach.
B’iad na bundúchasaigh an tréith ba líonmhaire den chomhphobal nua, agus is iad i gcónaí.
Is léir go bhfuil an Gaelachas – an teanga, an ceol, an fhealsúnacht thraidisiúnta – mar ghné aitheanta den fhoinse seo. Ach ba bhotún é a cheapadh nach mbaineann an Gaelachas leis an gcuid eile.
Ar an gcéad dul síos, ar ndóigh, ní hamháin gur thug na hAlbanaigh a leagan den teanga Bhéarla isteach leo – a bhfuil a rian le fáil san Ultais a bhfuil iarsmaí de ar fáil anseo is ansiúd, ach thug cuid mhaith acu Gaeilge leo freisin.
Mar shampla, agus tá sé seo léirithe ag Breandán Ó Buachalla nach maireann (I mBéal Feirste Cois Cuain), agus ag Pádraig Ó Snodaigh (The Hidden Ulster), bhí Gaeilge dhá labhairt go fairsing i nGallobha nó Gall-Ghaidheal, an ceantar cóngarach d’Éirinn arbh as dó roinnt mhaith de na coilínigh a tháinig go hÉirinn, suas go lár an 17ú céad.
Cinnte, tá’s againn go raibh cumas sa nGaeilge riachtanach san eaglais Phreispitéireach (an eaglais Albanach) fiú i gcontae an Dúin sa 16ú is 17ú céad. Is in 1808 a d’fhoilsigh an ministir Preispitéireach William Neilson a bhunleabhar Gaeilge le cabhrú le ministrí a raibh Gaeilge riachtanach dóibh.
(Is fiú a thabhairt faoi ndeara go bhfuil Gaeilge an leabhair seo níos cóngaraí do Ghaeilge eile na hÉireann ná mar atá do Ghàidhlig Inse Gall).
Níl an ceangal leis an nGaeilge chomh láidir dóibh siúd as traidisiún Anglacánach, ach tá focail agus nós cainte na nGael fite fuaite i gcaint na ndaoine, sa gceol agus sa stíl amhránaíochta.
Ann féin, ar ndóigh ní bhaineann an teanga nó an Gaelachas le scarúnachas ná neamhspleáchas. Sin seasamh polaitiúil bunaithe ar thuiscint na ndaoine faoin gcaoi is fearr lena gcúrsaí féin a riaradh.
Agus tá sé le feiceáil go bhfuil an Bhreatnais níos láidre sa Ríocht Aontaithe – in ainneoin cur faoi chois stairiúil – ná mar atá an Ghaeilge sa stát neamhspleách mar dhea ó dheas.
Is mó stádas na Breatnaise agus meas oifigiúil ar an teanga ansin ná mar atá ar an nGaeilge ó dheas, gan a bheith ag caint faoin naimhdeas a léirítear don teanga go polaitiúil ó thuaidh – in ainneoin Chomhaontú Chill Rímhinn.
Mar sin féin, nuair a labhrann muid inniu faoi ‘Ghaelachas’, is í an teanga agus an ceol a théanns leis is mó a thaganns chun aigne dúinn.
Mhínigh an réabhlóidí clúiteach Máirtín Ó Cadhain siar sna 60í nach raibh suim a thuilleadh ag stát na 26 Contae sa nGaeilge má bhí an Stát ó thuaidh naimhdeach di ar fad. Ach, dúirt sé, ag deireadh thiar is marfaí neamhshuim ná naimhdeas ar bith!
Feicfimid inniu an chaoi a bhfuil an stát sásta labhairt faoi thábhacht na Gaeilge, ach nach bhfuil siad sásta aon rud a dhéanamh ar son na teanga, is go bhfuil siad sásta fiú a gcuid dlíthe is bunreacht a chur ar leataobh le cearta a dhiúltú do lucht na Gaeilge. Ar ndóigh is ar an ábhar sin a d’éirigh Seán Ó Cuirreáin as mar Choimisinéir Teanga.
Ní nach ionadh mar sin nach bhfuil an rialtas reatha ó dheas sásta rud ar bith a dhéanamh le brú a chur ar na páirtithe aontachtacha nó ar rialtas na Breataine fírinne a dhéanamh de na geallúintí faoi Acht Teanga don Tuaisceart a aontaíodh i gCill Rímhinn.
Tá sé ráite chomh minic sin go bhfuil an Ghaeilge ar tí bás d’fháil nach bhfuil éifeacht anois leis an ráiteas. Ach tá an teanga ag meath sa nGaeltacht fiú má tá fás uirthi taobh amuigh.
Má chailltear Gaeilge na Gaeltachta caillfear fíor-shaibhreas na teanga, caillfear an ceangal leis an gcéad a bhí romhainn, agus caillfear fíor-dhóchas na teanga.
Cén fáth an meath?
Tá an eisimirce ag imirt a róil i gcónaí, is tá cainteoirí dúchasacha Gaeilge chomh fairsing i mBostún, i bhPhiladelphia, i Nua-Eabhrac is i Hudersfield agus atá in Éirinn féin. Ach tá difear mór ann: ní thugtar an teanga don dara glúin go hiondúil.
Feiceann aos óg na Gaeltachta na fíricí seo, agus feiceann siad nach bhfuil meas ag an stát oifigiúil orthu nó ar a dteanga.
Le blianta bhí gluaiseacht na Gaeilge – má ba ghluaiseacht í – ag brath ar an measúlacht, ag brath a bheith mar chuid den aos rialaithe. Ach ba chur i gcéill an dearcadh sin.
Má fhaigheann an Ghaeilge bás sin deireadh leis an náisiún stairiúil Éireannach a raibh an Ghaeilge mar chuid lárnach di riamh. Sin a dúirt an Piarsach.
Ach cá bhfuil tionchar na Gaeilge sa saol polaitiúil? An gcaithfidh polaiteoirí dearcadh lucht na Gaeilge a chur san áireamh nuair a thógann siad cinntí faoi infheistíocht, faoi chultúr, faoi oideachas nó faoi chearta?
Nó an pobal ciúin measúil béasach muid a ghlacfadh le grabhróga ar bith ó bhord na n-uasal, uasail ar ndóigh a dhíríonn a n-aird ar an Eoraip níos mó ná ar Éirinn féin.
Céard is Gaelachas ann mar sin?
Nós seanchaite nach bhfuil todhchaí aige, nó spreagadh reatha seanbhunaithe a thabharfas dúshlán na polaitíochta ó deas is ó thuaidh?
Ní mise a fhreagrós an cheist sin ach sibhse.