An Ghaeilge ar na Gliders

Cuireadh fearadh na fáilte roimh chóras nua bus de chuid Translink i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Nascann na 'Gliders' oirthear na cathrach le hiarthar na cathrach den chéad uair riamh - beart stairiúil ann féin.

Mar sin féin, tá an tseirbhís i mbéal an phobail ar chúis eile mar go bhfuil cinneadh déanta ag Translink go mbeidh na comharthaí ar na Gliders dátheangach (Gaeilge/Béarla) in iarthar na cathrach amháin, agus go n-athróidh an leagan Gaeilge go Béarla amháin ag bun Bhóthar na bhFál, áit a gcríochnaíonn an Cheathrú Gaeltachta.

Dúirt úrlabhraí de chuid Translink go bhfuil comharthaíocht dhátheangach le feiceáil ar bhealaí na Gliders in iarthar Bhéal Feirste cheana féin agus go leathnófar seo chuig na seirbhísí friothálacha Metro amach anseo fosta.  

“Irish language destination screen signage for the west Belfast section of the G1 route is planned to be in place in the coming months,” a dúirt an t-úrlabhraí seo, a tuairiscíodh san Irish News.  

Dúirt Translink fosta go mbeidh bogearraí speisialta de dhíth chun an leagan Gaeilge a stopadh ag pointe áirithe sula mbaineann na busanna lár na cathrach amach.

Is ábhar díomá do go leor Gael é an cinneadh gan ach comharthaí aonteangacha Béarla a bheith ar taispeáint taobh amuigh d'iarthar cathrach.

Labhair muid le Gaeil in oirthear agus in iarthar na cathrach faoin scéal...

Close
Close