Siar 250 milliúin bliain ó shin, i dtréimhse ina raibh tíortha na cruinne ceangailte dá chéile, spréigh na sléibhte Apaláiseacha (Appalachian) go ceithre haird an domhain.
Tá iarracht ar bun le fiche bliain anuas le conair siúlóide ar na sléibhte úd a athchruthú i bhfoirm an International Appalachian Trail, agus tá sléibhte chúige Uladh anois mar chuid den iarracht sin.
I gcomhpháirtíocht le húdaráis an oileáin, rinne coiste an ‘International Appalachian Trail’ sléibhte chúige Uladh a nascadh leis an Chonair Siúil Idirnáisiúnta.
Is féidir le siúlóirí ar Shlí na gCruach Gorm i dTír Chonaill agus ar Shlí Uladh sa Tuaisceart a rá gur shiúil siad chuid den Chonair Apaláiseach.
Seoladh páirt chúige Uladh den Chonair Apaláiseach Idirnáisiúnta i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá ar an Ómaigh.
Dúirt Magne Haugseng, Cathaoirleach áitiúil IAT, go bhfuil deis iontach curtha ar fáil d’earnáil na turasóireachta ó thuaidh.
“Gach bhliain, téann 1.5 milliúin duine ar saoire siúlóide in Albain, 300,000 duine a théann ar saoire siúlóide i bPoblacht na hÉireann agus 3,500 duine a thagann anseo go Tuaisceart na hÉireann. Tá margadh ann nach mór dúinn a fhorbairt,” ar seisean.
Cúlra
250 milliúin bliain nuair nach raibh ann ach an t-aon ilchríoch amháin ar dhroim na cruinne, shín na sléibhte Apaláiseacha idir Meiriceá, an Eoraip agus an Aifric.
In 1994, chuir siúlóirí i Maine, SAM, tús le hiarracht cosán siúlóide na sléibhte Apaláiseacha a athchruthú. Chinn na siúlóirí go gcuirfeadh siad aithne níos fearr ar a gcomharsana i gCeanada agus an Chonair Apaláiseach mar uirlis nastha eadarthu.
Ó shin i leith, tá siúlóirí i 17 tír éagsúil tar éis a gcuid féin a chur leis an Chonair.
Faoi láthair, síneann an Chonair Apaláiseach idir Meiriceá, an Ghraonlainn, Iarthair na hEorpa agus tuaisceart na Afraice.