An Bhunscoil a d’eascair as Ionad Siopadóireachta an Tíogar Cheilteach...

An Bhunscoil a d’eascair as Ionad Siopadóireachta an Tíogar Cheilteach...

Aithnítear Citywest i mBaile Átha Cliath lena nIonaid mhóra Tionsclaíocha agus a líonra leathan siopadóireachta. Ba cheantar é i mbarr a réime le linn ré an Tiogár Cheilteach.

Anois go bhfuil impireachtaí tógála agus saibhreas na bhforbróirí faoi chois NAMA (an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní) tá go leor de na foirgnimh seo fágtha díomháin.

Tá an Roinn Oideachais tar éis roinnt de na foirgnimh seo a thógáil ar cíos ó NAMA agus scoileanna nua anois oscailte i bhfoirgnimh bréa na bhforbróirí.

Tá Scoil Niamh ar cheann de na scoileanna nua seo a osclaíodh i mbliana. Tá stair dáite an fhoirgnimh ina léiriú ar bheatha agus ar bhás an Tíogar Cheilteach.

Thóg an forbróir Jim Mansfield an fhoirgnimh ionas go mbeadh sé ina ‘Sráidbhaile Gailf’. Theip air. Ansin, rinneadh Ionad Oideachas as an fhoirgneamh, ‘Scoil Bhéarla do mhic léinn na hAraibe Sádaí’. Theip ar an phlean seo fosta.

De bharr stair chlúiteach an fhoirgnimh, tá scoil úrnua anois ar oscailt le togha na teicneolaíochta ón ‘Scoil Bhéarla do mhic léinn na hAraibe Sádaí’ agus le cúnamh na Roinne Oideachais.

Tá 22 páiste as 13 tíortha éagsúla ag tabhairt faoina gcuid oideachais bunscoile i Scoil Niamh.

Eagraíodh Searmanas Fáiltiú ar na maillibh do pháistí agus tuismitheoirí na scoile, tugadh beannachtaí i dtrí theanga dhéag agus cuireadh fáilte i gcultúr éagsúla na bpáistí.

Thug Meon Eile cuairt ar an scoil agus labhair muid le hOide, tuistí agus scoláirí faoina scoil nua agus an pobal atá a thógáil mórthimpeall air.

Pobalscoil Niamh
Close
Close