An bhliain a d'imigh

An bhliain a d'imigh

Dónall Mac Giolla Chóill

Athrú ceannaire

Bliain na gcontrárthachtaí a bhí i 2013 ar mórán béalaí, agus go luath sa bhliain a tharla an chéad cheann nuair a d’fhógair Benedict XVI go raibh sé ag dul ar phinsean.

D’ardaigh seo go leor ceisteanna, go háirithe nuair nár tharla á leithéid seo ó bhí 1415 ann, agus go bhfios dom nach raibh aon scéim luathscoir ag an Vatacan.

Ach fear da mhianta féin a bhí i mBenny s’againne ariamh, agus cé gur bhain an fógra seo stangadh as an phobal, lean an eaglais Chaitliceach léi ag feidhmnú.

Dúradh go minic faoin eaglais gurbh institiúid í a smaoiníonn thar na céadta de bhlianta.

Bogann sí léi go malltrialach, agus is beag mórathrú a tharla ó bhí aimsir Vatacan II ann, sin go dtí gur toghadh comharba Bhenedict.

Slán le Benny agus seo chugainn Francie.

Ní thiocfadh le dhá Phápa a bheith chomh héagsúil óna chéile leis an bheirt seo, i stíl agus i substaint.

Ach mar a dúirt Zhou Enlai, Príomhaire de chuid na Síne sna 1960í agus é ag tagairt do thionchar Réabhlóid na Fraince, “Tá sé ró-luath lena mheas go fóill”.

D’fhéadfadh an rud céanna a rá faoi thionchar Phrionsias I.

Ach tá na teachtaireachtaí atá sé ag seoladh amach dearfach go leor, agus ar a laghad chuir sé ordú nuachtáin s’aige féin sa tsiopa i mBuenos Aires ar ceal, agus bí cinnte gur shocraigh sé a bhille.

Aimsir theasaí arís

Bhí an aimsir ag déanamh idir ábhar buartha agus gliondar dúinn le linn na bliana seo a chuaigh thart, le fuacht mire againn i mí an Mhárta, agus an tír faoi bhrat seaca agus sneachta.

Shásaigh seo corr-dhuine, agus is fíor-chorrdhaoine iad siúd a fhaigheann liúntais speisialta má thiteann an teocht faoi reó-phointe ar feadh seal áirithe de laethanta.

Cúid againn ar ár nglúine ag guí go dtiocfadh deireadh leis an sioc, cuid eile againn ag guí go mairfeadh an tréimhse fuachta.

Agus ansin, tháinig an samhradh, agus bhí tréimhse bhreá againn, teas agus grian, triomlach agus bagairtí ar sholáthair an uisce.

Deirtear go mbíonn spion níos fearr ar dhaoine agus iad níos gealgháirí nuair a bhíonn an ghrian ag soilsiú, agus go bunúsach tá seo fíor i mbeagnach gach páirt den tír seo, ach amháin i gceantair áirithe i dTuaisceart Bhéal Feirste, áit nach raibh ganntanas uisce le linn mhórshiúlta mhí Iúil agus na gunnaí uisce in úsáid thuas faoi Woodvale agus Ard Eoin.

Ach ar a laghad fuair cúpla duine cith saor in aisce agus dá mbeadh ciall acu na bláthanna a thógáil leo bheadh siad ábalta an cosc ar píobáin uisce a shárú.

Dr Haass ar cuairt

Go luath ina dhiaidh sin chonaic muid chugainn an Dr Richard Haass agus é ag iarraidh tabhairt faoi cheisteanna móra agus beaga atá ag déanamh tinnis do mhuintir an tuaiscirt le blianta fada anuas.

Bhí an dúshlán mór seo le sárú aige i dtréimhse ghairid agus ar ndóigh d’imigh sé ar ais go SAM gan mórán aontaithe ag na páirtithe ar chor ar bith.

Ach amháil Réabhlóid na Fraince, cad a bheadh le rá ag Zhou Enlai faoinár bpróiseas beag síochána?

Iontas a cuireadh orm nach raibh leagtha síos i measc chritéir an Dr Haass ach ‘paráideanna, bratacha agus suaitheantais agus an t-am a chuaigh thart’ – cad chuige nach raibh ‘gléasadh le haghaidh cúirteanna’ ann chomh maith?

Abair do rogha rud faoin bhealach a bhíonn breithimh agus abhchóidí gléasta agus iad sna cúirteanna, ach cad é faoin bhealach a bhí Jamie Beag Bryson agus Willie Mór Frazer cóirithe agus iad ar a mbealach chun na cúirte?

Thiocfadh a rá gur mheas an tUasal Frazer (agus moill éisitgh air b’fhéidir) gur Dr Hook a bhí ar a bhealach chugainn, seachas Dr Haass.

Ceannairí ar lár

Mar an gcéanna le hachan bhliain eile ó shleamhnaigh ár sinsir amach as an linn phríomhordúil údaí na milliún bliain ó shoin (nó corradh le sé mhíle bliain ó shoin más rud é gur fhreastail tú ar aon scoil le Nelson McCausland) rugadh daoine i mbliana agus fuair daoine bás.

Ag deireadh na bliana bhásaigh Nelson Mandela, agus ba léir gur briseadh croí seo do go leor daoine ar fud na cruinne, ach go leor eile ag fanacht leis seo agus é 95 bliain d’aois agus in ísle brí le tamall anuas.

Bheadh sé furasta anseo, ábhar magaidh a dhéanamh den eagair a cuireadh ar an searmanas comórtha a bhí ar siúl 10 Nollaig i Stáid Spóirt FNB i Soweto, agus an fear bocht a bhí ag déanamh ‘ateangaireachta’ go teanga chomharthaíochta na mbodhar, ach ní bheadh sin fiúntach.

Ach tá oidhreacht Mandela á meas go fóill agus is iontach an rud é a bheith ag éisteacht le David Cameron na Breataine, a bhí i bhfách lena chrochadh ó chrann mar scéimhlitheoir roinnt blianta ó shoin, agus é ag moladh Mandela ós na harda.

D’fhág iarcheanaire eile agus éarlamh Cameron, Margaret Thatcher, muid comh maith i mí Aibreáin. Agus ní thiocfadh beirt ní ba contrárthachtaí a fháil le Nelson Mandela agus Maggie Thatcher.

Ró-shuim Ríoga

Bhí fanacht fada ag lucht féachana teilifíse agus lucht léite na nuachtán táblóideach agus muid uilig (i bhfírinne, muid uilig? Eag.) ar bís le feiceáil an stócach nó girseach a bheadh ag Bandiúc Cambridge.

Sa deireadh thiar, bhí gasúr aici; George Alexander Louis.

Tá tabhacht leis seo, nó má mhairim fada go leor, agus muna dtéann an Bhreatain leis an Euro, thiocfadh dó am inteacht amach anseo go mbeadh Seorse VII ar na boinn i do phóca, i ndiaidh Searlas III agus Liam V.

Ach cá bhfios nach mbeadh Éire aontaithe againn faoin am sin, agus fiúntas inteacht leis an Euro fosta?

Cathanna fós le baint

Bhí bliain mhór ann in 2013 fosta dóibh siúd a mbeadh ag iarraidh pósadh comhghnéis a bheith acu, agus seo anois ceadaithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.

Go fóill beag, beidh fanacht orthu anseo ó thuaidh, fhad is atá Edwin Poots ag iarraidh bacanna a chur i mbealach na cothromaíochta ag gach casadh, idir uchtú léanaí agus fuildeonadh uatha siúd ar mian leo a gcomhghnéas.

Moladh do dhuine ar bith a bheas ag céiliúradh pósadh comhghnéis i mbliana, ní rachfainn chun na Rúise ar mhí na meala, nó chun na hIndia ach an oiread.

Close
Close