Aitheantas tugtha in Áras an Uachtaráin don méid a d'fhulaing na mná Maigdiléanacha

Chruinnigh mná a tháinig slán ó na hionaid Mhaigdiléanacha, chomh maith le teaghlaigh na mban nár tháinig slán astu, le chéile den chéad uair riamh in Áras an Uachtaráin an tseachtain seo caite

Is deis a bhí ann do go leor acu labhairt amach go hoscáilte faoin méid a tharla dóibh.

Breis agus 230 bean a bhí i láthair in Áras an Uachtaráin agus tháinig siad as gach cearn d'Éirinn, an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Astráil le bheith ann don tionól stairiúil.

Ag labhairt os comhair an tslua a bhí i láthair rinne an tUachtarán, Mícheál D Ó hUiginn, a leithscéal as an méid a d’fhulaing na mná sna neachtlanna.

Dúirt sé fosta gurbh é an stát, na hinstitiúidí, an eaglais agus an tsochaí i gcointinne a lig na mná seo síos.

Bhí dhá sprioc leis an tionól dhá lá seo: mná a chaith tréimhsí sna hionaid Mhaigdiléanacha a thabhairt le chéile in aon áit amháin, agus plé a dhéanamh ar an dóigh ar cheart do na glúnta atá le teacht cuimhne a dhéanamh ar an tréimhse dhorcha seo i stair na hÉireann.

In 2013 ghabh an Taoiseach ag an am, Enda Kenny, a leithscéal sa Dáil thar ceann an Stáit leis na mná ar caitheadh go huafásach leo sna hionaid.

Ach tá cuid mhór ceisteanna le freagairt ag an Eaglais Chaitliceach go fóill agus iad fós ag diúltú freagracht a ghlacadh as an méid a tharla ná leithscéal a ghabháil leis na mná.

Close
Close