Dónall Mac Giolla Chóill
De ghnáth i dtíortha sibhialta ar fud na cruinne bíonn séasúr suaimhneach nuachta ann i rith an tsamhraidh.
Bíonn polaiteoirí ar saoire agus lár-ionaid chumhachta ciúin.
Tugtar an silly season air seo, mar go mbíonn ar nuachtáin agus soláthróirí nuachta a gcuid leathanach agus míreanna nuachta a líonadh le scéal inteacht, scéal ar bith.
Ach amháin sa taobh seo tíre.
Agus gach áit eile ar saoire, téann tuaisceart (na) (h)Éireann ar mire glan ar feadh cúpla seachtain.
Agus daoine áirithe i dTuaisceart Bhéal Feirste ag fáil chith fholcadh saor in aisce ón PSNI, samhlaím na mórshiúlta Oráisteacha mar a bheadh cineál de dheasghnátha ann.
Deasghnátha le fáilte a chur roimh an ghriain, amhail na Máighigh agus na híobairtí daonna le cinntiú go lonnródh an ghriain, agus ár gcuid tinte cnámh Oíche na Féile Eoin i dTír Chonaill.
Tagann na mílte fear, bean agus páiste ‘buí’ amach ar na sráideanna le fáilte a chur roimh an bhall mór oráisteach sin sa spéir, agus siúlann cuid acu go dtiteann siad as a seasamh, le cinntiú go lonnróidh sí ar feadh seala eile.
Gach bliain thart ar 12 Iúil, bíonn sé te, tirim agus grianmhar – comhtharlúint go bhfuil an Ghriain agus an tOrd beirt ‘oráisteach’.
Níl daoine sa taobh seo tíre cleachtaithe leis an ghriain, agus le tamall anuas, agus de réir na réamhaisnéise, ar feadh tamaill le theacht, bhí agus beidh séasúr te grianmhar againn.
Nuair a bhíonn an ghriain go hard sa spéir, tagann saghas mire ar dhaoine, bíonn na fulachtaí fia ann ar a laghad i ngach darna gairdín agus bíonn daoine amuigh i rith an lae agus ganntanas éadaí á chaitheamh acu.
Lá i ndiaidh lae bíonn uasdátú ar an nuacht agus ar fáil go háitiúil faoi aon ‘trioblóid’ faoi Ard Eoin agus Woodvale, agus oíche i ndiaidh oíche, cloiseann an comhfhreagraí seo na heileacaptair sa spéir, ag déanmh ionadaíochta ar son na gréine.
Taobh amuigh de seo uile, bhí mór scéal eile ann le seachtain anuas.
Scéal nach bhfacthas trácht air sna meáin, agus a scaoiltear anseo don chéad uair, go heisiach más mian leat.
Is scéal a thit amach anseo – ar dtús ar scor ar bith – ar 10rn Déardaoin 11 Iúil, maidin oíche na dtinte cnámh, nó na Boneys mar a thugtar orthu go háitiúil, ar Bhóthair Aontroma, Béal Feirste.
I dtrátha an ama sin, nochtach péire glúine, glúine nach bhfacthas solas an lae le tríocha bliain anuas, agus iad nochtaithe, thosaigh siad ar mhórshiúl dá gcuid féin.
Síos leo, agus an corp ceangailte leo agus na cosa fúthu, síos leo Bóthar Aontroma, agus ansin ar aghaidh go Bóthar na bhFál, agus faoin 2 a chlog, iarnóin, chonacthas na glúine céanna ar Bhóthar Bhaile Andarsan.
Mo chuid glúine féin atá i gceist anseo agam, agus an ghriain ag scoilteadh na gcloch, tháinig cuid den mhire orm féin, agus bhuail fonn siúil mé féin agus mo chuid glúine.
Anois mar a dúirt mé, ní fhaca an cine daonna mo chuid glúine le tríocha bliain anuas, ó na seanlaethanta ar thrá Mhachaire Rabhartaigh nó Mhachaire Gathlán, agus ní raibh mé cinnte cén cineál fáilte a gheobhadh siad i lár-ionad cathrach úrbach.
Ach mar chruthanas ar an ábhar nach bhfuil siad chomh míofar sin, ní raibh aon léirsithe ann ina gcoinne, níor dalladh tiománaithe ar bith agus níor fagadh aon Translink Metro bruite briste in éadan cuaille solais mar gheall ar nochtú na nglúin seo.
Níor tuairiscíodh an scéal ar BBC Newsline, agus níor cruthaíodh aon Concerned Residents Association le hachomharc a iarraidh ó Choimisiún na bParáideanna le stad a chur le mo ghlúine agus iad ag dul thar Eaglais Phádraig ar Shráid Dhún na nGall.
Mar sin de tugadh uchtach dom.
D’éirigh liom siúl trasna cuid mhaith de Bhéal Feirste le glúine ar taispeáint agus ní bhfuair pinsinéar ar bith taom croí de dheasca an nochtaithe.
Agus an ghriain ag leanúint léi ag lonnrú thar dheireadh na seachtaine, bhailligh mé gach unsa misnigh idir chorp agus anam, agus chaith mé bristí gairide arís ar an Dara Lá Déag, nó an Glorious Twalf mar a b’fhearr aithne ar an lá go háitiúil, agus d’fhreastail mé ar bheárbaiciú.
Níor bhuail racht orlaigh ná samhnais duine ar bith, agus itheadh go fonnmhar na burgair agus ispíní a cuireadh os comhair na rannpháirtithe – níor leagadh lámh ar an coleslaw, agus is gnáthrud sin – níl mórán daoine tugtha do coleslaw a fágadh faoin ghriain le uair an chloig.
Agus mion-mhíorúiltí ag tarlú i ngach aon áit agus na fir buí ag fáil folcadh maith thuas i Woodvale, chaith mé uair a chloig ar an Domhnach sa pháirc áitiúil, na Waterworks.
Ach ní thagann maitheas choíche in aisce, an torradh ar an nochtadh seo uile nó go bhfuil mé ag scríobh seo ar ríomhaire glúine, agus babhstar idir an ríomhaire céanna agus mo ghlúine bochta dóite.