Ag imeacht thar sáile anonn...

Ag imeacht thar sáile anonn...

Dónall Mac Giolla Chóill

Tá ábhar scannail náisiúnta againn an mhí seo, agus is é sin nach dtig leis an Taoiseach Enda Kenny níos mó ná lá amháin a chaitheamh thar sáile do Lá Fhéile Pádráig.

Ar an drochuair beidh air pilleadh lá níos luaithe ó Washington, ná mar a bhí beartaithe.

Tá neamhchinnteacht agus neamhshocaireacht pholaitiúil sa bhaile.

Scannal eile nach mbeidh sé ar chumas Leo Vardkar dul go Dubai i mbliana, ná Simon Covney an tír a fhágáil ach an oiread ar na cúiseanna céanna.

Mar gheall nár éirigh le muintir na hÉireann (san IarDheisceart) ó Cheann Mhalainne go Carn Uí Néid, (gan Loch Lao, an Fheabháil, Sál Phádraig ná ceantar Uachtar agus Íochtar na Banna san aireamh) á gcuid vótaí a úsáid mar is ceart an mhí seo caite, ní bheidh ach 10 nAire Rialtais ag dul thar sáile go dtí sé thír Lá Fhéile Pádraig.

Anuraidh bhí 30 Aire Rialtais i gceist (gidh nach gceadaítear níos mó ná 15 Aire Rialtais de réir mo thuigbhéala féin ar Bhunreacht na hÉireann.)

Bhí 27 tír ag cur fáilte roimh an chuid is fearr, is deise agus is gleoite d’ionadaithe mhuintir na hÉireann.

I mbliana is boichte an cine daonna mar gheall ar easnamh na n- eiseamláirí seo de bhláth agus fláith ár dtíre.

Ach ní scéal iomlán dorcha seo uile nó, mar gheall ar fheall seo mhuintir na hÉireann ar ár gcuid polaiteoirí, beidh Joan Burton ag tabhairt aghaidh ar an Róimh, Brendan Howlin ag dul chun na hInde, Alan Kelly ag dul go Sacramento, San Francisco agus San Diego, sna Stáit Aontaithe.

Rachaidh Frances Fitzgerald go Londain agus Richard Bruton go Páras.

Anois mas rud é go mbeidh bus príobháideach ar fáil in am rachaidh Paschal Donohoe go Maidrid na Spáinne (seans le feiceáil cén dóigh a n-oibríonn an córas tráchta ansin.)

Anois ar eagla go mbeadh muintir na Stát Aontaithe uaigneach, agus go smaoineodh siad iompu ar an taobh dheis den pholaitíocht agus vótáil don Ghael eile sin Donald Trump, beidh Charlie Flanagan ag dul go Nua-Eabhrac, Heather Humphreys ag tabhairt cuairte ar Bhostún agus Paul Kehoe ag landáil i Philadelphia, Albany, Trenton agus Savannah.

Is é ár nguí, agus dóchas linn Naomh Pádraig, go mbeidh fan am seo ar an bhliain seo chugainn arís, rialtas ceart againn agus cead a gcós ag níos mó Airí Rialtais dul ar an oilithreacht agus galavant bliantúil.

Is fúibhse muintir na hÉireann an gníomh ceart a dhéanamh.

Níor chóir an brú a chur ar pholaiteoirí an cinneadh ceart a dhéanamh.

Close
Close