Na 5 fhíseán cúrsaí reatha is mó ó 2018

Bliain chorraitheach chonspóideach a bhí in 2018 i dtaca le cúrsaí reatha ach bliain nach ndéanfar dearmad air ach an oiread. 

Rinneadh plé ar chuairt an Phápa, ar an Bhreatimeacht, ar eachtraí Donald Trump, ar chearta na mban agus neart eile ar meoneile.ie le bliain anuas.

Tá an t-ádh linn go bhfuil scríbhneoirí cumasacha sásta scríobh dúinn, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghábháil leo uilig. 

 Bhí ár bhfísiriseoirí breá gnóthach i mbliana fosta, mar sin seo súil siar ar chúig fhíseán a tharraing aird an phobail i mbliana…

1. Bád farantóireachta ceart de dhíth ar mhuintir Thoraí...

Ghlac muintir Oileán Thoraí agus a lucht tacaíochta páirt in agóid cheolmhar taobh amuigh de gheataí Theach Laighean an lá inné. Léirigh na hoileánaigh a míshástacht agus a n-imní faoin bhád ‘Queen of Aran’, atá le tosnú i mbun seirbhíse farantóireachta go dtí an t-oileán an 1 Aibreán. Dúirt muintir an oiléain nach rud ar bith pearsanta a bhí acu in éadan an chomhlachta, Réalt na Maidne, ach go bhfuil sé i gceist acu bac a chur ar ché an oileáin an 1 Aibreán má dhéanann an ‘Queen of Aran’ iarracht theacht le cé. Níos measa arís, tá sé ráite ag roinnt de mhuintir Thoraí nach mbeidh rogha ar bith eile acu ach an t-oileán a fhágáil mura mbeidh seirbhís farantóireachta atá sásúil agus sabháilte curtha ar fáil do bhunadh an oileáin.


2. Bunscoil an Traonaigh...

Tá agóid dhlíthiúil le cur ar an Roinn Oideachais ó thuaidh mar gheall gur theip uirthi an t-aon bhunscoil lán-Ghaeilge i bhFear Manach a aistriú go foirgneamh ceart in ainneoin gealltanas a tugadh don scoil in 2015, sin atá á thuairisciú anseo ag The Detail agus Meon Eile... 


Léigh an scéal iomlán thíos https://www.meoneile.ie/nuacht/foirgneamh-bunscoile-ag-titim-as-a-cheile-mar-gheall-ar-mhoill-agus-achrann-polaitiuil-agoid-dhlithiuil-beartaithe-i-gcoinne-na-roinne-oideachais


3. Aitheantas tugtha in Áras an Uachtaráin don méid a d'fhulaing na mná Maigdiléanacha...

Chruinnigh mná a tháinig slán ó na hionaid Mhaigdiléanacha, chomh maith le teaghlaigh na mban nár tháinig slán astu, le chéile den chéad uair riamh in Áras an Uachtaráin an tseachtain seo caite Is deis a bhí ann do go leor acu labhairt amach go hoscáilte faoin méid a tharla dóibh...


4. 'Conspóid' faoi chomharthaíocht dhátheangach in Ollscoil Uladh...

Ghlac Comhairle na Mac Léinn in Ollscoil Uladh cinneadh ar na mallaibh comharthaíocht dhátheangach (Béarla agus Gaeilge) a chrochadh nuair is gá comharthaíocht nua a chur in airde san ollscoil. Ach anois tá grúpa aontachtach sa choláiste, ‘The Young Unionists’, craobh óige an UUP, ag cur in éadan an chinnidh...


5. Lá Dearg na Mac Léinn i gCathair na Gaillimhe...

D'eagraigh mic léinn ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, An Dream Dearg agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn 'Lá Dearg na Mac Léinn' i nGaillimh Dé Sathairn seo caite. Príomh-theachtaireacht agus éileamh an mhórshiúil ná cur ina luí ar an rialtais go bhfuil níos mó deiseanna de dhíth ar mhuintir óg na Gaeilge. Deiseanna fostaíochta, deiseanna sóisialta agus deiseanna a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Bhí Meon Eile i láthair agus labhair muid le cuid acu sin a ghlac páirt...



Close
Close