Éirí Amach 2016? Ní dócha é

Éirí Amach 2016? Ní dócha é

Ciarán Dunbar

Táthar ag súil go n-iarrfaidh Enda Kenny ar an Uachtarán Michael D. Higgins an Dáil a lánscoireadh amárach agus go mbeidh olltoghchán ann sa Phoblacht 26 Feabhra.

Caithfidh sé a bheith ann 11 Aibreán nó roimhe.

Ach is cuma cén dáta a bheas ann go díreach i ndáiríre mar tá an rás seo faoi lán seoil cheana.

Tá na tráchtairí ar fad ag caint air gan stop le sé mhí anuas agus beidh gnáthmhuintir na tíre bréan de faoin deireadh.

Ach ní féidir torthaí an toghcháin seo a thuar go beacht – d’ainneoin na n-iarrachtaí a léann muid, thiocfadh le go leor tarlú sna seachtainí atá amach romhainn.

Le hionadaíocht chionmhar agus dáilcheantair il-suíochán, go leor neamhspleách agus raidhse páirtithe, tá barraíocht athróga chun olltuar a dhéanamh.

Ar an lámh eile, is ionann is cinnte go mbeidh Enda Kenny fós ina Thaoiseach sa chéad Dáil eile.

Amharcaimis ar an chorrlach (Paddy Power, Dé Sathairn).

Enda Kenny 1/10

Mícheál Martin 10/1

Simon Coveney 14/1

Leo Varadkar 14/1

Gerry Adams 14/1

Tá fios a ghnó ag an Phaorach gan amhras.

Mar sin féin, beidh le feiceáil cén dóigh a ndéanfaí an rialtas sin, go háirithe má thiteann an tóin as vóta Pháirtí an Lucht Oibre.

Sin rud a thuarann na pobalbhreitheanna ach is féidir leo a bheith mícheart.

Dar leis an Lucht Oibre “níl rogha ar bith eile” ach iad féin a chur ar ais i gcumhacht in éineacht le Fine Gael.

Tá go maith, ach tá gach seans nárbh fhéidir é sin ach an oiread, tá baol ann nach mbeidh go leor Teachtaí acu le chéile fiú.

Cén taobh den speictream a thiocfas na Teachtaí Dála sa bhreis a bheas de dhíth?

Don Lucht Oibre tá baol nach beag ann, más ón eite dheis iad, go mbeidís ag cur boinn faoi rialtas den eite dheis gan mórán tionchair a bheith acu – thiocfadh dó go gcuirfeadh sé sin deireadh leo ar fad.

Ar an lámh eile, más ón eite chlé a bheadh ná chomhbhádóirí nua seo, agus ní dócha sin ar chor ar bith, d’fhágfadh sé sin Páirtí an Lucht Oibre gan feidhm i súile an phobail, buile marfach eile.

Idir dhá thine Bhealtaine atá páirtí Joan Burton agus mothaíonn siad go bhfuil sé sin iontach míchothrom.

Ní léir gur féidir le Joan Burton athrú a chur ar an scéal seo sna seachtainí atá romhainn.

Ach sin an pholaitíocht agus ní fiú a bheith searbh faoi, ní maith leis na vótóirí é.

Dála an scéil, títear dom go ndearna an fuath a léiríonn Joan Burton agus Mary Lou McDonald dá chéile níos mó dochair do Joan ná do Mary Lou.

Tá cuma i bhfad níos fearr ar Fhine Gael, tá port maith acu agus tá siad á sheinm ó mhaidin go hoíche.

Is é sin, “níl rogha ar bith eile ann ach sinne, ní féidir aon mhuinín a chur in aon dream eile.”

Is teachtaireacht iontach láidir é sin, cé go gcuireann sé isteach ar lucht agóide uisce go mór mar shampla.

Ach is teachtaireacht é a théann i bhfeidhm go mór ar na meánaicmí, d’ainneoin a bpáistí scaipthe ar fud na cruinne.

Dar le hEoin Ó Murchú ag scríobh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo caite, tá sé róluath d’Fhine Gael a bheith caithréimeach.

Níl a fhios agam, ní léir dom aon rialtas eile nach mbeidh Fine Gael i gceannas air.

An t-aon rialtas eile ar féidir ná Sinn Féin, Fianna Fáil agus corr neamhspleách ag teacht le chéile.

Sílim gurbh fhearr bunús Fianna Fáil fanacht sa fhreasúra.

Tá sé ráite ag Micheál Martin cheana féin nach rachadh sé isteach i gcomhrialtas le Sinn Féin – cé gur féidir go ndéanfaí dearmad air sin go héasca tar éis an toghcháin, agus ar Mhicheál féin.

Ní rachaidh Sinn Féin isteach i rialtas mura bhfuil siad féin ar an pháirtí is mó, sin rud atá mé chóir a bheith cinnte faoi.

Taoiseach Gerry Adams nó Mary Lou McDonald, Céad-Aire an Tuaiscirt Martin McGuinness nó Conor Murphy, tá an siombalachas soiléir.

Ach seo caint san aer, Taoiseach Enda Kenny, sin an t-aon fhíor-fhéidearthacht a fheicimse.

Críochdheighilt

Agus Sinn Féin luaite agam, cad faoi cheist na críochdheighilte?

Luafaidh Sinn Féin críochdheighilt anseo is ansiúd ach ní rud é an teorainn atá ábhartha do mhór-thromlach mhuintir na 26 Chontae, fiú do thromlach lucht vóta Shinn Féin.

Ceist socraithe é an teorainn in aigne an ghnáthdhuine ó dheas.

Ceaptar gur rud buan é agus mar thoradh air sin, gurb ionann Stát na Poblachta agus Náisiún na hÉireann (más ann don Náisiún sin a thuilleadh) agus ‘Éire’ féin fiú.

Léigh mé píosa de leabhar staire ar na mallaibh a rinne cur síos ar Earnán de Blaghd, agus é ag trácht ar an bhliain 1913, mar dhuine ó ‘Northern Ireland’.

Tá an stair á hathscríobh agus tá ‘Northern Ireland’ á fhréamhú sa stair, stair atá á scaradh ó stair ‘na hÉireann’.

Sin toradh nach raibh Ultaigh ag súil leis nuair a vótáil siad ar son Chomhaontú an Chéasta, go háirithe nuair a cuireadh ann go raibh ceart ag Éireannaigh sna 6 Chontae agus a bheith aitheanta mar Éireannaigh.

Mar sin féin, tá leideanna ann go bhfuil go leor Caitliceach agus Iar-Chaitliceach ó thuaidh fiú ag éirí as an fhonn maireachtáil in Éirinn ‘shaor’ agus Éireannachas a bheith mar náisiúntacht acu fiú.

Ceist chigilteach é seo d’Ardchomhairle Shinn Féin.

Ní dóigh liom go bhfuil aon duine eile ag smaoineamh faoi.

Ceist na Gaeilge

Mar an gcéanna, ábhar tánaisteach is ea í an Ghaeilge sa toghchán seo más ann di ar chor ar bith, fiú do Ghaeilgeoirí.

Sin d’ainneoin an obair a dhéanann Conradh na Gaeilge ar an ábhar.

Feictear dom, agus seo bunaithe ar chomhráite amháin, gur beag Gaeilgeoir a chuireann ceist na teanga chun tosaigh agus iad a vótáil – vótálfadh go leor d’iarrthóirí a bhfuil dearcadh diúltach acu i leith na teanga fiú.

Sin de bhrí gur tábhachtaí dóibh ceisteanna eacnamaíochta, sóisialta agus áitiúla.

Ach luadh liom an tseachtain seo chomh maith gur glacadh go raibh Sinn Féin níos láidre ar cheist na teanga ná na páirtithe eile ach gur tábhachtaí vótáil i gcoinne pháirtí Gerry Adams ná a dhath eile.

Tá cás láidir ag an Pháirtí Ghlas gurb iad siúd an páirtí is láidre ó thaobh cearta teanga de áfach, tá an-iarrachtaí déanta acusan le blianta anuas.

Ach ní chabhraíonn seasamh láidir iarrthóir amháin dá gcuid, Manchán Magan, i gcoinne chearta agus stádas ar bith don Ghaeilge.

Aisteach go leor, is bun-difríocht idir cás na Gaeilge agus cás mionteangacha eile ná nach bhfuil páirtí polaitiúil ann a bhfuil cur chun cinn na teanga mar chroí-aidhm aige (ar nós Plaid Cymru sa Bhreatain Bheag nó páirtithe náisiúnacha i dTír na mBascach).

Cinnte, mar a dúirt an fear a dúirt é, tá Éireannaigh níos buartha faoi potholes ná cúrsaí teanga.

Ach cad is fiú dul ar bhusanna go Baile Átha Cliath ag agóidíocht i gcoinne pholasaithe an stáit maidir leis an teanga tar éis duit féin vóta a chaitheamh ar a son?

Close
Close