Turas Soir: Leabhar nua foilsithe ag Turas

Tá leabhar úrnua darb ainm ‘Turas Soir: Journey East’ foilsithe ag an eagras Turas in Oirthear Bhéal Feirste.

Is leabhar lán le gearrscéalta é scríofa ag muintir Oirthear Bhéal Feirste faoi stair na háite agus go leor eile.

Is grúpa pobail iad Cairde Turas atá suite in Ionad Skainos ar Bhóthar Nua na hArda in Oirthear Bhéal Feirste. Tá an grúpa seo tiomanta an Ghaeilge a chur chun cinn agus caidreamh a chothú idir an Ghaeilge agus an pobal áitiúil.

Rinne Turas an cinneadh an leabhar a chur ar fáil go dátheangach ionas go mbeadh sé úsáideach mar áis foghlama sna ranganna a bhíonn ar siúl acu ansin agus níos faide i gcéin.

Thug Meon Eile cuairt ar an Ionad Skainos le níos mó a fháil amach faoin leabhar ar leith seo agus labhair muid le hAodán Mac Séafraidh faoi na buntáistí foghlama atá ag baint leis an leabhar. Chuala muid fosta ó Linda Ervine agus í ag léamh ceann de na scéalta a scríobh sí féin faoin óige s’aici ag fás aníos in Oirthear Bhéal Feirste.

Tá an leabhar foilsithe ag Turas anois agus beidh seoltaí ann ar fud na tíre go luath. Thig leat cuairt a thabhairt ar shuíomh s’acu anseo le cóip den leabhar a fháil duit féin.

Close
Close