Tionchar dearfach an dearbháin £100 ar an earnáil miondíola

Agus an Breatimeacht go fóill ina dhíospóireacht leanúnach, tá muintir Thuaisceart na hÉireann ag lorg freagraí faoin todhchaí. Tá an phaindéim i ndiaidh cur leis an éiginnteacht agus brú nach beag ar chomhlachtaí agus ar dhaoine aonair araon.

Labhair Meon Eile le hAodhán Ó Conghaile atá ina stiúrthóir ar Chuibhreannas Miondíola Thuaisceart Éireann faoin tionchar atá ag na dearbhán £100 ar earnáil miondíola an Tuaiscirt agus muid ag teacht amach as tréimhse dheacair i ndiaidh na pandéime.

Thug Aodhán tuilleadh eolais faoin mhéadú atá feicthe aige ar tháirgí riachtanacha cuir i gcás ola, leictreachas agus adhmad. Tá lear mór oibre déanta ag an Chuibhreannas Miondíola leis an earnáil a choinneáil ag imeacht, ina measc tacaíocht a thabhairt do na comhlachtaí beaga agus tiománaithe leoraí a bhfuil ganntanas ann díobh i láthair na huaire.

Dar le hAodhán go mbeidh tionchar mór ag an dearbhán £100 agus an Nollaig ag teannadh linn agus go gcuirfidh sé daoine amach ar na sráideanna i mbun siopadóireacht aitúil.

Close
Close