Tionól Píobaireachta Thír Chonaill

Tionól Píobaireachta Thír Chonaill

Is ag an deireadh seachtaine i nDún Lúiche, Tír Chonaill, a d’eagraigh Na Píobairí Uilleann an chéad tionól píobaireachta dá gcuid sa cheantar.

Bunaíodh an cumann sa bhliain 1968 agus é mar aidhm acu na píobaí a chothú agus a chur chun cinn fud fad na tíre.

Is uirlis dhúchasach don tír iad na píobaí uilleann. Tar éis an Ghorta Mhóir bhí lag trá ar phíobaí uilleann agus de réir a chéile tháinig meath millteanach ar an traidisiún ceoil seo.

Nuair a thosaigh ‘Na Piobairí Uilleann’ amach in 1968 ní raibh ach 100 duine sa tír ag gabháil don uirlis.

Sa lá atá inniu tá athrú suntasach tagtha ar an scéal, de bharr na hoibre atá á déanamh ag an chumann, trí na ranganna atá curtha ar fáil acu do gach aon aois ghrúpa, na himeachtaí agus ócáidí a bhíonn á reachtáil acu fud fad an tíre agus iad ag cur béime ar stair agus oidhreacht na bpíobaí, chomh maith le teagasc cén dóigh na píobaí uilleann a dhéanamh sa tsean-stíl.

Tionól Píobaireachta Thír Chonaill

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idírlín úr ‘Na Pobairí Uilleann’, pipers.ie.

Tá dhá aip, ‘Moving Cloud’ agus ‘Pipecraft’, acu fosta, na chéad aipeanna dá leithéid i saol an cheoil traidisiúnta.

Is scéim oiliúna é ‘PipeCraft’ atá dírithe ar an dóigh a ndéantar na píobaí uilleann sa stíl thraidisiúnta.

Cúrsa trí bliana atá i gceist agus bronnfar cáillíocht ar an chéad ghrúpa ariamh leis an chúrsa seo a bhaint amach Déardaoin seo chuagainn in ‘Ionad Pipecraft’ i gCluain Seach, BÁC.

Close
Close