Sunflower Folk Club ar ais i mBéal Feirste

Sunflower Folk Club ar ais i mBéal Feirste

Tá oíche úr cheoil darb ainm an Sunflower Folk Club ag tarlú i mBéal Feirste gach Déardaoin, le ceoltóirí agus amhránaithe ag teacht ó chian is ó chóngar chun páirt a ghlacadh ann.

Lonnaithe sa Sunflower Bar ar Shráid an Aontais (Union St), tugann an club deis d’amhránaithe agus scríbhneoirí dul ar an ardán agus a gcuid ceoil a roinnt le lucht éisteachta fáiltiúil.

Ag tógadh inspioráide ón sean-chlub ar bhí ar siúl ar Shráid Corporation sna 60í go dtí na 80í, is é an sprioc atá acu ná ionad a chur ar fáil do cheol traidisiúnta agus comhaimseartha acústaice i lár na cathrach.

Bhí Breanndán Ó Beaglaoich, Laoise Kelly agus Siobhán Peoples páirteach san oíche le gairid agus d’fhreastal Meon Eile ar an gclub chun blaisín den atmasféar a fháil…

Sunflower Folk Club ar ais i mBéal Feirste / Fearghal Ó Maolagáin

Chomh maith leis sin, beidh an club Gaeilge An G Spota ag tosnú arís ar an Satharn seo sa Sunflower Bar, le neart damhsa, craic agus ceol Gaelach.

Close
Close