Srutháin Cheoil - An 4ú dlúthdhiosca seolta ag Tionscnamh Lugh

Srutháin Cheoil - An 4ú dlúthdhiosca seolta ag Tionscnamh Lugh

Beidh scoth an cheoil le cluinstin le linn Iúil agus Lúnasa mar chuid den tsraith ‘Trad Tráthnóna’ i nDún Lúiche.

Tá ‘Trad Trathnóna’ á reáchtáil ag Tionscnamh Lugh le trí bliana agus fiche anuas agus é mar sprioc acu an ceol traidisiúnta a chur chun cinn i nGaeltacht Thír Chonaill.

I mbliana seoladh an 4ú dlúthdhiosca dá gcuid, dar teideal ‘Srutháin Cheoil’.

Tá lucht ceoil agus amhránaithe as Gaoth Dobhair, Na Rosa agus Cloich Cheann Fhaola le cluinstin ar an taifeadadh, macasamhail Aoife Ní Fhearraigh, Mairéad Ní Mhaonaigh, Emma Ní Fhíoruisce chomh maith le Tony agus Megan Nic Ruairí.

Srutháin Cheoil - An 4ú dlúthdhiosca seolta ag Tionscnamh Lugh

Bíonn Trad Tráthnóna ar siúl achan Mháirt in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche, Co. Dhún na nGall.

I measc na gceoltóirí a bheidh acu i mbliana tá Moya Brennan, Maighread & Tríona Ní Dhomhnaill, Dónal Lunny agus Amhránaithe Thoraí.

Tuillead eolais le fáil ANSEO nó 086 605 0110

Close
Close