Sloinnte Chúige Uladh le Gerry Oates

Sloinnte Chúige Uladh le Gerry Oates

Is é ‘Murphy’ an sloinne is coitianta in Éirinn. Ach seachas aon chlann amháin bheith ann, tá ceithre threibh éagsúla ann ar cuireadh an leagan Béarla seo ar a mbunleagan Gaeilge!

Is i dtús an deichiú haois a tugadh sloinnte ar dhaoine in Éirinn don chéad uair, ‘Ó Cléirigh’ an sloinne is sine i stair an oileáin, dar le hAnnálacha na gCeithre Máistrí.

Le himeacht na gcianta agus na gcéad, d’imir ionradh Angla-Normannach, plandáil Uladh agus Acht an Aontais tionchar nach beag ar shloinnte na nGael.

Deirtear gurbh in Éirinn a cuireadh tús le nósmhaireacht na sloinnte mar atá aithne orthu inniu.

Labhair muid le Gerry Oates, Staraí as Ard Mhacha, faoi chúlra, stair agus forbairt shloinnte Chúige Uladh ón am ar cuireadh tús lena dtaifead…

Sloinnte Chúige Uladh le Gerry Oates
Close
Close