Dhá thaispeántas úrnua seolta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh

Seoladh dhá thaispeántas nua ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste.

Is sa dá ghailearaí, Dánlann Dillon agus Na Ballaí Bána, a bheidh na taispeántais, 'Torsos: Leochaileacht agus Mianach' le Janice Cherry agus 'Cad é a chuir bac ort' le Dominic McKeown. 

I saothar Janice, déanann sí scrúdú ar choinceap na gcuimhní sinsirí trí chorp na mban. Amharcann sí ar fhoirmeacha mná mar shochaí a choinníonn rúin, cuimhní cinn, tráma agus pian. Bronnadh an Gradam Dillon ar Janice na bliana seo -  bronntar Gradam Dillon ar mhac léinn ealaíne as Ollscoil Uladh gach bliain, tugtar duais £500 dóibh agus cuirtear a saothar ar taispeántas i nDánlann Dillon. 

Fuair Dominic céim 3ú leibhéal agus máistreacht s'aige in Ollscoil Uladh agus faoi láthair tá sé ar chonradh bliana thall in Bath i Sasana ag teagasc mínealaíne. I saothar Dominic, thig leat cuid mhór iarrachtaí difriúla a fheiceáil agus é ag baint úsáid as ábhair éagsúla. Tá suim ar leith aige sa dóigh a dtéann agus a dtacaíonn rudaí le chéile. Fuair sé a lán inspioráide don taispeántas seo óna laethanta scoile mar dhuine neamhéagsúil ag dul i dtaithí ar an chóras oideachais. 

Thug Meon Eile cuairt ar sheoladh na dtaispeántas agus bhí atmaisféar beo bríomhar ann agus an-tacaíocht le feiceáil don bheirt ealaíontóirí óna dteaghlaigh agus a gcuid cairde. Bhí an deis againn labhairt le Caoimhe Ní Ruanaidh, Cúntóir Radharcealaíne na Cultúrlainne agus le dlúthchara de chuid Dominic, Cillian Mag Uidhrín, a raibh thar a bheith brodúil as saothar chomh cumhachtach agus pearsanta sin a chur i láthair i gceantar áitiúil i measc cairde.

Beidh an dá thaispeántas sa Chultúrlann go dtí an 25 Iúil agus is fiú go mór breathnú orthu.

Close
Close