Seoladh Sceideal an Fhómhair TG4

Sheol TG4 sceideal nua an fhómhair in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath le gairid. Bhí baill ón mbord stiúrtha maraon le láithreoirí agus léiritheoirí na gcláracha a bheidh le feiceáil ar an scáileán sna míonna amach romhainn i láthair ag an seoladh.

Dúirt Pól Ó Gallchóir, Ard-Stiúrthóir TG4, go raibh an staisiún “an-bhródúil” as an sceideal, agus ghabh sé buíochas leis na comhlachtaí neamhspleácha agus le foireann TG4. Labhair sé freisin faoina dúshláin agus faoina deiseanna atá roimh an staisiún sa bhliain atá romhainn, go háirithe i gcás na teicneolaíochta agus acmhainní.

Réimse leathan de chláracha ceoil, faisnéise, drámaíochta, siamsaíochta, spóirt agus cúrsaí reatha atá i ndán don lucht féachana, chomh maith le scannáin agus cláracha do dhaoine óga.

Bhí Meon Eile ann ar an lá chun buaileadh le cuid d’fhoireann an chraoltóra seirbhíse poiblí.

Seoladh Sceideal an Fhomhair TG4

Beidh léar mór cláracha ar nós “An Jig Gig”, “Comhrá”, “Imeall” agus “Opry an Iúir” ar scáileán TG4 tar éis bhriseadh an tsamhraidh, chomh maith le réimse leathan de chláracha úrnua, ar nós “Díol É”, “Róisín” agus “Guth”.

Beidh rogha leathan spóirt ann freisin, idir rugbaí, peil Gaelach agus peil na Rialacha Idirnáisiunta. Gealltar go mbeidh béim láidir ar dhráma agus ar chláracha páistí. Tabharfaidh an seomra nuachta faoina scéalta móra ar nós an reifrinn agus an buiséad arís sna míonna amach anseo.

Deir Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, Mícheál Ó Meallaigh, gurbh é an dúshlán is mó atá roimh an stáisiún ná daoine a chonneáil ar an eolas faoin mhéid cláracha atá ar fáil acu, agus daoine nua a mhealladh i dtreo teilifís na Gaeilge.

Close
Close