Spléachadh ar an leabhar grianghraf 'Old Ireland in Colour’

I mí Dheireadh Fómhair, sheol an folsitheoir Merrion Press an leabhar grianghraf ‘Old Ireland in Colour’ leis an Oll. John Breslin agus leis an Oll. Sarah-Anne Buckley. Is leabhar í atá lán le seanghrianghraif a glacadh in Éirinn i gcaitheamh an 19ú haois agus tús an 20ú haois. Tugann na grianghraif blaiseadh dúinn de ghnáthsaol na ndaoine ag an am sin.

Thosaigh John Breslin an tionscadal seo agus é i mbun taighde ar shinsir s’aige. Trí úsáid a bhaint as Photoshop, chuir sé dath leis na grianghraif a bhí aige agus scaip sé iad ar na meáin shóisialta. B'iontach an t-aiseolas a fuair sé agus chinn sé na grianghraif uilig a chur le chéile i bhfoirm leabhair. Le cuidiú ón staraí, an tOll. Sarah-Anne Buckley, bhailigh an bheirt cuid mhór pictiúirí as gach cearn den tír agus chuir John dath leo. Cé go mbeadh cuid acu feicthe ag daoine roimhe seo, deir John “go dtugann an dath beocht do na grianghraif".

Nuair a seoladh an leabhar ag deireadh na bliana seo caite, bhí an saol Fódlach faoi gheasa aige. Tá níos mó ná 50,000 cóip de díolta anois agus níos mó ná 1 mhilliún euro saothraithe ag Merrion Press. Bhuaigh ‘Old Ireland in Colour’ an duais ‘Best Irish-Published Book’ ag Gradaim Leabhar An Post 2020 agus bhí sé animnithe mar an leabhar sárdhíola don Nollaig. Ach is é an t-aiseolas ó na léitheoirí an rud is fearr, dar le John.

Labhair Meon Eile le John Breslin faoin leabhar agus faoin dóigh ar chuir sé le chéile é. Tá an leabhar ar díol i siopaí leabhar agus le fáil ar líne chomh maith. Téigh anseo le tuilleadh eolais a fháil. 

Close
Close