'Secondhand September' le Moya Ní Dhúgáin


Sa lá atá inniu ann tá sé níos easca ná raibh éadaí nua a cheannach ar an mhórshráid nó ar line - tá saol an fhaisin ar bharr na méar againn. Ar an drochuair, áfach, tá tionscal an fhaisin ar cheann de na foinsí is mó ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de. De réir an WWF (World Wide Fund for Nature), mar shampla, tá thart ar 2,000 galún de dhíth chun péire jíons amháin a dhéanamh.

Tá Oxfam tiomanta cuidiú leis an fhadhb seo a reiteach. Bhunaigh an cumann carthanachta ‘Secondhand September’ in 2019 agus an aidhm atá acu ná athúsáid na n-éadaí atá againn cheana a spreagadh.

Le Secondhand September a chéiliúradh, thug Meon Eile cuairt ar Moya Ní Dhúgáin, bean a bhfuil suim aici sa timpeallacht agus san fhaisean le fada agus a bhfuil cuntas Instagram darb ainm ‘Environmental Éadaí’ aici. Bhunaigh sí an malartú éadaí ‘Switch’ chomh maith.

Thug Moya cúpla leid don duine atá ag dul ag siopadóireacht i siopa athláimhe den chéad uair: glac do chuid ama agus bain sult as an eispéireas.

Thig leat níos mó eolais a fháil ar Secondhand September anseo, agus thig leat Moya a leanúint ar Instagram ag @environmentaleadai.

Close
Close