Scoth na hoibre á déanamh ag Ambasadóir Aeráide Ailbhe Ní Riain

Bhain Ailbhe Ní Riain as Baile Átha Cliath duais shuntasach an tseachtain seo caite as ucht a cuid oibre mar Ambasadóir Aeráide leis an eagraíocht ‘Climate Ambassadors Ireland’. Labhair Meon Eile léi chun fáil amach faoin obair a dhéanann sí mar Ambasadóir Aeráide agus cad é a spreag í chun tabhairt faoin obair seo ar son na timpeallachta sa chéad dul síos.

Chuir Ailbhe suim i gcúrsaí timpeallachta nuair a bhí sí iontach óg agus níor stop sí ó shin. Thosaigh sí ar Scéim na nAmbassadóirí Aeráide i mí Mheán Fómhair 2019 agus bliain ina dhiaidh sin bhain sí duais don tsárobair a rinne sí le linn na bliana.

Mar Ambasadóir Aeráide, tá dualgas ar Ailbhe meon dearfach i leith na timpeallachta agus an domhain a spreagadh i measc an phobail. Smaoinigh sí ar thogra mátaí ióga inbhuanaithe a chruthú, chomh maith le neart imeachtaí a eagrú a dhírigh aird ar an timpeallacht agus ar na dóigheanna lena caomhnú. 

Bhain Ailbhe an-sult as a seal ar an scéim de chuid ‘Climate Ambassadors Ireland’ agus tá sí cinnte nach bhfuil sí críochnaithe ag díriú aird ar an timpeallacht go fóill. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ‘Climate Ambassadors Ireland’ is féidir cúirt a thabhairt ar a suíomh anseo.

Close
Close