Scoil Gheimhridh Michael J Murphy 2019 ag ceiliúradh litríocht Oirialla

Is ceiliúradh bliantúil í Scoil Gheimhridh Michael J Murphy ar shaothar agus oidhreacht an bhailitheora béaloidis a bhíonn á reáchtáil ina cheantar dúchais, deisceart Ard Mhacha.

Cuireadh tús leis an scoil gheimhridh sa bhliain 1992 i dTí Chulainn ar an Mhullach Bán agus tá fás agus forbairt tagtha uirthi ó shin.

I mbliana, dhírigh aoichainteoirí na scoile ar litríocht Oirialla. Bunaithe ar phrós agus filíocht an cheantair ón ochtú haois déag go dtí an lá inniu a bhí na cainteanna. 

D'fhreastail Meon Eile ar Scoil Gheimhridh Michael J Murphy chun blaiseadh a fháil de himeachtaí na bliana seo.


Close
Close