Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair - Re úr

Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair - Re úr

Bhí clú agus cáil ariamh ar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy ar tháinig deireadh léi anuraidh tar éis 20 bliain ar an fhód. Ó bhí anuraidh ann ghlac Comharchumann Ghaoth Dobhair ceannas ar an fheile agus i mbliana idir an Nollaig agus an bhliain úr bhí an chéad Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ann.

Mar a bhí roimhe, tháinig na sluaite ó achan chearn den tír agus den domhan le chéile le ceiliúradh a dhéanmh ar an cheol traidisiúnta.

Bhí Conor Bryne ar ais i mbliana arís mar stiúrthóir ar an fhéile agus bhí cuid de na teagascóirí ar ais fosta, ar nós Gay McKeon, Ciaran Ó Maoinaigh agus Hary Bradley chomh maith le múinteoirí úra mar Edwina Guckian a bhí i mbun damhsa ar an sean-nós agus Micheál Ó Raghallaigh a bhí ag teagaisc an chonsairtín.

Chomh maith leis an scoil cheoil bhí go leor ag tarlú um thróthnóna idir léachtaí, scannáin, taiscí ceoil agus sraith de choirmeacha ceoil d’ardchaighdeán le ceoltóirí mór le rá as Éirinn agus níos faide i gcéin.

Ag caint le Cathal Ó Gallachóir dúirt sé gur dúshlán mór a bhí ann macasamhail d’fhéile a chur le chéile, go háirithe mar gheall ar an chlú a bhí ar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy le blianta fada, ach ag deireadh na féile bhí se breá sásta agus fíorbhródúil as an fhoireann uilig as an méid a bhain siad amach.

Tús maith leith na hoibre agus beidh le feiceail anois an mairfidh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair an fad céanna nó níos mó arís.

Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair - Ré úr / Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair - Ré úr
Close
Close