Rita agus an Fathach

Sheol An tSnáthaid Mhór an seachtú leabhar i sraith chlúiteach Rita ar na mallaibh.

‘Rita agus an Fathach’ is teideal dó agus sa saothar nua seo casann fathach ar an phríomhcharachtar agus iarrann sí air cuidiú lei an domhan mór a ghlanadh chun an t-athrú aeráide a stopadh.

Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a seoladh an leabhar agus bhí Máire Zepf agus Andrew Whitson, an t-údar agus an maisitheoir faoi seach, i láthair chun sleachta a léamh agus pictiúirí a tharraingt.

Bíonn craic agus spraoi i gconaí ag imeachtaí An tSnáthaid Mhór agus ní raibh difríocht ar bith ann leis an cheann seo. Bhain achan duine sult as an lá, páistí agus tuismitheoirí araon.

Tá an leabhar, ‘Rita agus an Fathach’, ar fáil anois sna siopaí leabhair agus is feidir cóip a fháil anseo.

Close
Close