Tá dráma nua de chuid Aisling Ghéar, ‘Pygmalion 26’, á léiriú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste an tseachtain seo.
Is leagan nua-aimseartha de ‘Pygmalion’ le George Bernard Shaw – a cóiríodh don stáitse agus scáileán mar an cheoldráma clúiteach ‘My Fair Lady’ – é ‘Pygmalion 26’, a bhfuil Éilís Ní Dhúlaite (Eithne Carson), seachas Eliza Doolittle, mar phríomhcharachtar ann. Gaeilgeoir óg ó Bhéal Feirste is ea Éilís atá ina tionchaire agus a dhéanann a dícheall an teanga a chur chun cinn ar líne. Nuair a cháineann acadóir ardnósach, Henry Higgins (Seán T. Ó Meallaigh), a cuid Gaeilge, tapaíonn Éilís an deis dul i mbun ceardlanna foghraíochta leis. Pléann ‘Pygmalion 26’ le ceist na mblasanna agus na gcanúintí Gaeilge, agus ceistíonn sé, “Cé leo an Ghaeilge?”
Cé gur osclaíodh an dráma go hoifigiúil ar a chéad oíche thíos i gCathair Chorcaí, cuireadh tús leis na seónna i mBéal Feirste oíche Dé Luain le ceiliúradh beag i gCultúrlann McAdam Fiaich. Chuala a raibh i láthair ó Bhríd Ó Gallchóir, stiúrthóir an dráma, agus ó ionadaithe na maoinitheoirí: Nora Douds, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon ó thuaidh, agus Richard Yarr ón Chomhairle Ealaíon ó dheas. Bhí Foras na Gaeilge ina mhaoinitheoir chomh maith.
Críochnaíonn seónna Bhéal Feirste ‘Pygmalion 26’ anocht. Beidh an dráma ag leanstan ar aghaidh ansin go hAmharclann Ghaoth Dobhair agus go dtí an Axis i mBaile Munna.

