Chuir Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona imeacht ‘Péint agus Prosecco’ ar siúl sa Droichead oíche Dé Luain. Bhí an t-imeacht seo mar chuid d’iarracht imeachtaí an Chumainn a éagsúlú, ó thaobh suímh agus gnímh de.
Labhair Meon Eile le hAnna Nic Gafraidh agus Liadán Nic Cormaic, uachtarán agus oifigeach gníomhaíochtaí an Chumainn faoi seach, faoin imeacht é féin agus faoi na buntáistí a bhaineann leis. Labhair muid fosta le Kathleen Ní Nualláin atá ina ball den Chumann Gaelach agus a d’fhreastail ar an imeacht.