Beidh ‘Páidí agus Fionn’, dráma le Conall Mac Corraidh, ar ardán i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn seo an 28 Feabhra.
Is scéal fantaisíochta é seo faoi Naomh Pádraig agus Fionn Mac Cumhaill, scéal a scríobh Conall thart ar 16 bliana ó shin. Chuaigh an seó ar an bhóthar in 2010 agus anois in 2026, i ndiaidh dó uasdátú a dhéanamh air, tá sé ar ais!
Beidh Conall féin ar stáitse i ról Naomh Pádraig agus Críostóir Mac Phaidín mar Fhionn Mac Cumhaill. Ar ndóighe, ní raibh scéal agus saol na beirte seo suite san aois chéanna, ach sa scéal áirithe seo, is dlúthchairde iad a bhíonn ag imirt an fhíschluiche Fortnight le chéile agus a bhíonn i dtrioblóid ar scoil! In éineacht leo, beidh Aoife Nic Con Midhe i bpáirt ‘drochdhuine’ sa scéal, ag cur neart constaicí agus dúshlán rompu.
Is dráma é seo lán den mhiotaseolaíocht, ceol, greann, cairdeas, agus spraoi, mar aon le neart ceachtanna tábhachtacha saoil!
Beidh ‘Páidí agus Fionn’ ar siúl Dé Sathairn seo, an 28 Feabhra, ag 13:00 agus is féidir ticéid a cheannach anseo.


