'Other Voices' ag Féile ANAM 2019

Bhí an fhéile 'ANAM' ar siúl ar na mallaibh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Seo an dara bliain den fhéile a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona, smaointe agus cruthaitheacht. 

Mar chuid den fhéile arís i mbliana, cuireadh ceolchoirm de chuid 'Other Voices' ar siúl.

Bunaíodh Other Voices sa Daingean i gContae Chiarraí cúig bliana déag ó shin.

Ón chéad lá thug Other Voices ardán iontach do cheoltóirí Éireannacha agus ó fud fad na cruinne. Is féile rathúil í anois a bhíonn ar siúl in achan áit ó Bhéal Feirste go Beirlín.

Tá Other Voices aitheanta as gach cineál ceoil a chur ar aon ardán amháin - ar stáitse ag ceolchoirm DCU ar na mallaibh bhí KT G, Tebi Rex, Natalya O Flaherty, Delorentos agus Mango X MathMan.

Bhí Meon Eile i láthair ag Other Voices ANAM 2019 agus seo blaiseadh den oíche...

Close
Close