Oidhreacht faoi cheilt i ndeisceart an Dúin

Is i mbaile fearainn Bhaile na Machaire, ar imeall Bhaile Hill i gCluain Daimh, Contae an Dúin, atá an teach mór ársa Bannvale.

Suite ag Mussens Corners, sular thosaigh an teaghlach Hill ar an sráidbhaile suas an cnoc a thógáil go fiú, is teach é a bhfuil a scéal fite fuaite le stair na nGael sa cheantar, i gContae an Dúin agus in Ultaibh féin.

Tá nasc ag Bannvale le stair na Gaeilge, le himeacht na n-uaisle, leis na péindlíthe agus le fuascailt na gCaitliceach, le ropairí aitheanta, le Wolfe Tone, le tionscadal an línéadaigh agus leoga le Corn Sam Mhig Uidhir.

Ach tá an sean-teach seo anois ar díol agus ó tharla go bhfuil sé folamh le fada an lá agus ní fios fós cad é atá I ndán don tseoid luachmhar seo.  

Ar chóir an oidhreacht agus an stair seo a chaomhnú nó an bhfuil sé a sheal rite?

Close
Close